Skip to main content

Conas a reáchtáiltear na trialacha ar líne?

Question categories:

Is trí thrialacha ar líne a reáchtáiltear gach comórtas. Chuir EPSO tús leis an aistriú seo le linn na paindéime, agus ba dhíol sásaimh d’fhormhór mór na n-iarrthóirí an tsolúbthacht a cuireadh ar fáil leis.

Le trialacha ar líne trí chonraitheoir seachtrach EPSO, is féidir le hiarrthóirí na trialacha a dhéanamh ó chian go slán ar a ríomhaire féin.

Agus triail ar líne á déanamh acu, déantar monatóireacht leanúnach ar iarrthóirí trí úsáid a bhaint as uirlisí monatóireachta éagsúla, ina measc sin taifeadadh físe agus fuaime.