Skip to main content

FAQs

Conas a roghnaíonn na hinstitiúidí daoine ó phainéil EPSO?

Question categories:

Comórtais oscailte do bhaill foirne bhuana:

A luaithe a bheidh painéal curtha ar bun, is iad na hinstitiúidí den Aontas a bhainistíonn a n-earcaíocht féin bunaithe ar a riachtanais foirne.

Nuair a thagann folúntais chun cinn, déanfaidh na hinstitiúidí an méid seo a leanas:

  • féachaint ar an bpainéal chun na hiarrthóirí is fearr a oireann do dhualgais an phoist a shainaithint; 
  • cuireadh chun agallaimh a thabhairt d’iarrthóirí atá ar an ngearrliosta (d’fhéadfadh níos mó ná institiúid amháin teagmháil a dhéanamh le hiarrthóirí); 
  • tairiscintí poist a thabhairt d’iarrthóirí ar éirigh leo. 

I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé go bhfoilseofaí folúntais go díreach i gcuntas an iarrthóra freisin. Ansin is féidir le hiarrthóirí atá ar an bpainéal ábhartha iarratas a dhéanamh go díreach trína gcuntas.

Ní hionann d’ainm a bheith ar phainéal agus a dheimhniú go n-earcófar thú.
 

Próisis roghnúcháin na mball foirne ar conradh:

Na hiarrthóirí a n-éireoidh leo sna trialacha EPSO, féadfaidh an institiúid earcaíochta cuireadh chun agallaimh a thabhairt dóibh.

Is féidir post baill foirne ar conradh a thairiscint ansin d’iarrthóirí a n-éireoidh leo.

Tabhair faoi deara:

  • d’fhéadfadh an próiseas earcaíochta a bheith beagán éagsúil ó institiúid go hinstitiúid, ag brath ar a riachtanais; 
  • tá gach institiúid freagrach as agallaimh a dhéanamh agus as cinntí deiridh earcaíochta a dhéanamh.