Tá doiciméad aitheantais agam nach bhfuil m’ainm ná grianghraf díom ar an taobh céanna de, agus is gearr go ndéanfaidh mé triail ar líne le haghaidh próiseas roghnúcháin do bhaill foirne ar conradh (CAST). Cad ba cheart dom a dhéanamh?
Mura bhfuil d’ainm agus grianghraf díot ar an taobh céanna de do dhoiciméad aitheantais, uaslódáil comhad PDF amháin a bhfuil an dá thaobh den doiciméad aitheantas le feiceáil air chuig do chuntas iarrthóra, AGUS cuir EPSO ar an eolas dá réir sin tríd an bhfoirm theagmhála.
Le linn na seiceála aitheantais lá na trialach, ba cheart duit pictiúr a ghlacadh den taobh den aitheantas a bhfuil an grianghraf díot le feiceáil air.