Céimithe (Riarthóirí – AD 5)
Iarrthóirí a ghlacfaidh páirt i gcomórtas do chéimithe (riarthóirí, grád AD 5), beidh orthu pas a fháil sna trialacha seo a leanas:
- Trialacha réasúnaíochta
- Triail maidir le heolas ar an Aontas Eorpach
- Triail scileanna digiteacha
- Triail scríofa – Aiste shaorthéacs ar chúrsaí an Aontais Eorpaigh (EUFTE)
Is féidir féachaint ar an scéim shimplí shoiléir a ndéanfar measúnú ort dá réir agus ar an seimineár gréasáin is déanaí atá ar fáil ar youtube chun tuiscint níos fearr a fháil ar an bpróiseas.