An tOmbudsman Eorpach
Is éard is cúram don Ombudsman Eorpach, atá lonnaithe in Strasbourg, gearáin faoi chúrsaí riaracháin institiúidí an Aontais Eorpaigh nó chomhlachtaí eile an Aontais a fhiosrú. Féadfaidh saoránaigh nó cónaitheoirí i mBallstát nó comhlachais nó gnólachtaí atá bunaithe san Aontas Eorpach gearáin a dhéanamh.
Má tá spéis agat a bheith ag obair in Oifig an Ombudsman Eorpaigh, ba cheart duit féachaint go rialta ar an suíomh gréasáin seo, áit a bhfaighidh tú an t-eolas ar fad a bhaineann le nósanna imeachta roghnúcháin amach anseo.
Location
Strasbourg (an Fhrainc)