Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Comhghnóthas Iarnród na hEorpa (EU-RAIL)

Is comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí idir an tAontas agus an earnáil iarnród é Comhghnóthas Iarnród na hEorpa (EU-RAIL), a bunaíodh d’fhonn oibriú ar mhaithe le tosaíochtaí Beartais an Aontais Eorpaigh agus go háirithe leis an Straitéis Chuimsitheach um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste.

Tá EU-RAIL ina chomharba dlíthiúil agus uilíoch ar an gComhghnóthas Shift2Rail (S2R JU) agus tá sé bunaithe ar dhá phríomhcholún: an Colún Nuálaíochta agus an Colún Córasach, a dhéanann an Grúpa Imscartha comhlánú orthu. Tá sé d’aidhm aige athrú uaillmhianach a dhéanamh ar iarnróid agus táthar ag súil go dtosóidh réitigh nuálacha ag teacht isteach sa timpeallacht oibríochtúil ó 2025-2026 ar aghaidh.

Faoin mbliain 2031, beidh gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta ar luach EUR 2.2 billiún curtha chun feidhme ag EU-RAIL ó bunaíodh S2R in 2016.

Location
An Bhruiséil (an Bheilg)