Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Frederic, i gceannas ar inrochtaineacht daoine a bhfuil soghluaisteacht laghdaithe acu in OIB

Tá Frederic i gceannas ar chúrsaí inrochtana do dhaoine atá faoi mhíchumas luaineachta in OIB (an Oifig um Bonneagar agus Lóistíocht sa Bhruiséil). Duine dall is ea Frederic agus tá sé ag obair le hInstitiúidí an Aontais Eorpaigh ó bhí 1998 ann.
D’fhiafraíomar de cén cineál socruithe faoi leith a cuireadh ar fáil dó ina chuid oibre.

“Ríomhaire a bhfuil bogearraí sintéise cainte (JAWS) air agus méarchlár braille. Nuair a tháinig mé i dtosach, thairg Ardstiúrthóireacht an Taighde níos mó dom ná mar a bhí de dhíth orm i ndáiríre, rud a chuaigh i gcion orm agus ar mhór an comhartha fáilte é. Is mór a thaitin céadlaethanta na hoibre liom. Dá éis sin, agus mé ag bogadh thart, ní raibh sé chomh furasta céanna, mar sin féin bhí a fhios agam conas an rud a bhí uaim a fháil trí fhoighne a dhéanamh.”

Dar le Frederic, ní bac ar bith é an míchumas san fhoireann ina bhfuil sé.

“Buntáiste atá sa mhíchumas anseo! Sin mar a chuirim i láthair é, go suáilceach. Ní mian liom a thabhairt le fios go bhfuil gruaim an tsaoil á hiompar ar mo dhroim agam. Agus as siocair go bhfuil madra agam, is mór an cuidiú é, is é an tsonóg é.”

Marko Šamšalović, Ceann Earnála – Bainistiú Seirbhíse

“Chuaigh mé leis an gCoimisiún Eorpach in 2014 mar cheann foirne i roinn TF Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Custaim (TAXUD). Sa ról sin bhí mé i gceannas ar fhoireann de cheathrar comhghleacaithe iontacha lenar bhainistigh mé seacht dtionscadal custaim thras-Eorpacha.

Thug sé an-sásamh dom go raibh na córais a d’fhorbraíomar á n-úsáid tríd an Aontas Eorpach ar fad agus ní b’fhaide i gcéin. Bhí mé an-sásta freisin páirt a ghlacadh in idirbheartaíochtaí éagsúla i ndáil le cúrsaí custaim a bhí ar siúl idir an tAontas agus tíortha nach Ballstáit den Aontas iad, an tSeirbia, Montainéagró, an tSín, an Rúis agus an tSeapáin ina measc.

Ó bhí 2019 ann, is mé atá i gceannas ar earnáil an bhainistithe seirbhíse in Ard-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta (DIGIT). Is é mo chúramsa ceannaireacht a thabhairt d’fhoireann ina bhfuil níos mó ná 65 ghairmí a sholáthraíonn tacaíocht d’úsáideoirí chórais chorparáideacha an Choimisiúin Eorpaigh.

Taitníonn an obair le DIGIT go mór liom toisc go bhfuil comhghleacaithe gairmiúla den chéad scoth agam, agus bíonn siad réidh i gcónaí le cuidiú liomsa agus le daoine eile más gá. Tá siad chomh maith sin ag a gcuid oibre nach dtagann aon fhadhb aníos nach féidir leo a réiteach. Na cinn foirne san earnáil ina bhfuilimse, is bainisteoirí maithe iad agus is gairmithe TF iad a bhfuil an-taithí acu freisin, agus bíonn sé níos éasca domsa tascanna casta a chomhordú dá bharr sin.”

Ceann Earnála – Bainistiú Seirbhíse, Ard-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta (DIGIT), Réitigh le haghaidh na Reachtaíochta, Beartas agus Acmhainní Daonna, an Coimisiún Eorpach

Simona, Ceann Foirne

“Is é mo dhearcadh saoil féin nach mbíonn sé riamh rómhall le tabhairt faoi chonairí gairme nua. Ós rud é go mbím ar an eolas faoin éileamh leanúnach ar phróifílí TF i ngach réimse de mhargadh fostaíochta na hEorpa agus go bhfuil spéis agam i gcórais TF agus sa chibearshlándáil le fada an lá, rinne mé cinneadh an saol digiteach a chuimsiú i mo shaol gairmiúil.

Chuaigh mé le hArd-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta agus tá mé i gceannas ar fhoireann an Mhoil Comhordúcháin in aonad an Aistrithe agus an Chomhordúcháin Dhigitigh. Is iontach an rud é bheith mar chuid d’aonad atá ag múnlú straitéis nua dhigiteach an Choimisiúin Eorpaigh, ag cuidiú chun próisis gan pháipéar a chur ar bun d’fhonn an comhshaol leochaileach a chaomhnú, agus ag cuidiú le comhghleacaithe in Ard-Stiúrthóireachtaí eile próisis ceaptha beartas a chur i bhfeidhm atá réidh don aistriú digiteach ó na chéad chéimeanna ar aghaidh maidir le dréachtú beartas an Aontais amach anseo.

Tá deiseanna éagsúla ar fáil dom sa phost ina bhfuilim, mar shampla deiseanna chun líonrú a dhéanamh, chun tacaíocht a thabhairt agus chun bheith ag foghlaim. Gach lá cuirim aithne ar chomhghleacaithe ó chúlraí éagsúla agus a bhfuil poist agus freagrachtaí éagsúla acu. Cuireann m’fhoireann an tacaíocht is fearr ar fáil do chliaint chorparáideacha agus bíonn na baill foirne ag síorfhoghlaim agus iad ag malartú eolais agus dea-chleachtas.”

Ceann Foirne, Ard-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta (DIGIT), an Coimisiún Eorpach