Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
picture of Jerome

Jérôme R., Bainisteoir Cláir

Faoi láthair is mise Bainisteoir an Chláir Síochána agus Slándála do thoscaireacht an Aontais Eorpaigh chuig an Nigéir agus chuig Comhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar (ECOWAS). Bainistím roinnt clár slándála sa Nigéir agus san Afraic Thiar. Mar chuid den obair a dhéanaim, bím ag comhoibriú le roinnt gníomhaireachtaí agus páirtithe leasmhara de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le gcothú na síochána sa Nigéir agus sa réigiún. Is ábhar bróid dom é luachanna agus leasanna an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn sa chuid sin den domhan.

Mo chuid staidéir ba ea túsphointe mo ghairmréime idirnáisiúnta. Rinne mé céim Mháistreachta i gCaidreamh Idirnáisiúnta agus sa Nua-Stair in Ollscoil Chill Rímhinn (an Ríocht Aontaithe), agus ansin bhain mé céim Mháistreachta amach san Eolaíocht Pholaitiúil in Institut d’Études Politiques de Paris (an Fhrainc) agus speisialtóireacht i gCaidreamh Idirnáisiúnta. Ina theannta sin, fuair mé Máistreacht sna hEalaíona sa Léann Eorpach ó Choláiste na hEorpa i Vársá (an Pholainn), cúpla bliain roimh aontachas 10 mBallstát nua leis an Aontas in 2004.

Táim ag obair i ngnóthaí an Aontais ó bhí 1997 ann. Le linn mo ghairmréime san Aontas Eorpach, bhí an deis agam oibriú i roinnt tíortha (an Fhrainc, an Ostair, an Ghearmáin, an Bheilg, na hOileáin Fhilipíneacha agus an Nigéir). Tá mo chéannacht phearsanta féin múnlaithe ag mo thaithí agus mé i mo chónaí in go leor tíortha éagsúla, agus is sia sin ná an Fhrainc, an áit arb as dom. Mise mar Eorpach – agus fiú mar shaoránach den domhan é – sin é is dual dom!