Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

An bhfuil an mianach ceart ionat?

Chun iarratas a dhéanamh ar an gcomórtas le haghaidh riarthóirí céimithe (AD 5), ní mór duit na riachtanais seo a leanas a chomhlíonadh:

  • A bheith i do náisiúnach den Aontas Eorpach agus cearta iomlána mar shaoránach den Aontas a bheith agat.
     
  • Eolas cuimsitheach a bheith agat ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais agus eolas sásúil a bheith agat ar cheann eile de theangacha oifigiúla an Aontais.
     
  • Leibhéal oideachais a bheith agat is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile a mhair trí bliana ar a laghad agus ar baineadh dioplóma amach dá bharr, rud a bronnadh ort tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair 2026.
     
  • Níl aon taithí oibre ag teastáil.