Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Comórtas le haghaidh riarthóirí i réimse na heacnamaíochta arna athoscailt

Picture of a man in front of a computer

Tá na trialacha roghnúcháin ar fáil anois i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais

An bhfuil taithí agat i réimse na micreacnamaíochta/na maicreacnamaíochta, na heacnamaíochta airgeadais nó na heacnamaíochta tionsclaíche? Ar mhaith leat tús a chur le gairmréim idirnáisiúnta laistigh d’fhoireann ilchultúrtha ilchineálach? Dá mba mhaith, tá deis eile agat cur isteach ar an gcomórtas le haghaidh riarthóirí i réimse na heacnamaíochta.

Le linn chomórtas oscailte EPSO/AD/402/23, bhí fadhbanna tromchúiseacha teicniúla ag baint leis na trialacha ar líne a rinneadh an 2-4 Deireadh Fómhair 2023. Dá thoradh sin, tá líon suntasach iarrthóirí nárbh fhéidir leo na trialacha a dhéanamh faoi dhálaí iomchuí nó iad a chríochnú. Dá bharr sin bhí briseadh sa tástáil le haghaidh gach comórtais, lena n-áirítear cur ar fionraí an chomórtais seo, agus thosaigh EPSO ag lorg roghanna malartacha le haghaidh córas níos fearr chun trialacha a reáchtáil.

Mar chuid den réiteach a socraíodh tá scrúdú ar líne a ndéanfar feitheoireacht uathoibrithe air, ach modhanna tástála eile a bheith i gceist. Chun a chinntiú go gcaithfear ar aon dóigh amháin le gach iarrthóir, athosclófar céim na tástála sa chaoi go mbeidh ar gach iarrthóir, na hiarrthóirí a rinne na trialacha roimhe sin san áireamh, dul faoi thástáil as an nua. Cuireadh an méid sin in iúl i scríbhinn do na hiarrthóirí atá ann cheana.

Tá an comórtas ar oscailt anois le haghaidh na n-iarrthóirí atá ann faoi láthair agus na n-iarrthóirí nua ar spéis leo iarratas a dhéanamh.

Tá deis ann dá bharr sin EPSO/AD/402/23 a ailíniú le ‘córas 24 theanga’ iomlán, lenar féidir le hiarrthóirí atá ann cheana agus iarrthóirí nua a d’fhéadfadh a bheith ann aon dá cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais a roghnú gan bhac le haghaidh na tástála. Agus an t-ailíniú sin á dhéanamh, mar chuid de na coigeartuithe cuirfear triail scríofa ar scileanna cumarsáide scríofa in ionad an chás-staidéir, triail a mheasfar de réir tacar sonrach ancairí nua.

Dá bhrí sin, de réir an chinnidh ó bhord roghnúcháin an chomórtais, cuireadh ar ceal na hócáidí tástála a bhí ann an 2, an 3 agus an 4 Deireadh Fómhair 2023. Ní dhéanfar próiseáil iomlán ar thaifid feidhmíochta agus/nó scripteanna trialach na n-iarrthóirí a tháinig as na trialacha sin, agus ní ghinfear torthaí na dtrialacha aonair.

  • Iarrthóirí a chuir isteach iarratas cheana féin, ní mór dóibh a n-iarratas a athbhreithniú agus a athbhailíochtú chun leanúint de pháirt a ghlacadh sa chomórtas seo. Beidh an deis acu athmhachnamh a dhéanamh ar a gcuid roghanna teanga le haghaidh na dtrialacha agus eolas nua a chur lena n-iarratas, de réir mar is ábhartha. Tugadh tuilleadh eolais do na hiarrthóirí sin ar bhonn aonair trína gcuntas EPSO.

Chun eolas a fháil faoi leasuithe beachta ar an bhfógra comórtais tosaigh EPSO/AD/402/23, féach an Fógra lena leasaítear an fógra comórtais oscailte – EPSO/AD/402/23.

Na hiarrthóirí sin ar éirigh an comórtas leo, earcófar iad mar riarthóirí i réimsí na micreacnamaíochta/na maicreacnamaíocha, na heacnamaíochta airgeadais agus na heacnamaíochta tionsclaícheIs sa Choimisiún Eorpach den chuid is mó a oibreoidh na hoifigigh (grád AD 6) a earcófar.

Nuair a chuirfear na hiarrthóirí a n-éireoidh leo ar phainéal, féadfaidh seirbhísí earcaíochta chomhlachtaí agus institiúidí an Aontais Eorpaigh ar spéis leo a bpróifíl dul i dteagmháil leo chun agallaimh earcaíochta spriocdhírithe a dhéanamh. Na hagallaimh sin agus aon phróiseas gaolmhar eile, tá siad lasmuigh den phróiseas roghnúcháin a dhéanann EPSO. Is iad na seirbhísí earcaíochta ábhartha a dhéanann agallaimh earcaíochta, i mBéarla agus/nó i bhFraincis de ghnáth. Féadfar teangacha eile a úsáid le linn na n-agallamh freisin, bunaithe ar riachtanais na seirbhísí earcaíochta agus ar an eolas a chuir na hiarrthóirí in iúl ina n-iarratas.

Agus tú ag obair mar riarthóir i réimse na heacnamaíochta, beidh do phríomhchúraimí éagsúil de réir an réimse a roghnófar. Tabhair do d’aire nach ceadmhach iarratas a dhéanamh ach ar aon cheann amháin de na réimsí seo thíos:

  • Réimse 1 – An mhicreacnamaíocht/an mhaicreacnamaíocht
  • Réimse 2 – An eacnamaíocht airgeadais
  • Réimse 3 – An eacnamaíocht thionsclaíoch

Tá cur síos san fhógra comórtais ar na gnáthdhualgais a bheidh le comhlíonadh ag na hiarrthóirí a n-éireoidh leo.

 

Don duine atá fostaithe acu, cuireann institiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh pobal saineolais ar fáil maille le cuid mhór deiseanna ar a fhorbairt phearsanta agus a fhorbairt ghairmiúil a leathnú. Na foirne ilchultúrtha idirnáisiúnta ilchineálacha a bhíonn ag obair in institiúidí an Aontais, bíonn siad ag obair ar son tuairim agus 450 milliún saoránach den Aontas agus tuilleadh nach iad.

Bunphrionsabail de chuid an Aontais Eorpaigh is ea iad an meas ar an éagsúlacht chultúrtha agus cur chun cinn comhdheiseanna, agus déanann an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) a dícheall a chinntiú go mbíonn comhdheiseanna ag na hiarrthóirí uile agus go mbíonn an rochtain chéanna acu ar a cuid seirbhísí. Tá tuilleadh eolais ar an leathanach tiomnaithe faoinár mbeartas comhdheiseanna agus faoin dóigh ar féidir socruithe sonracha a iarraidh i dtaca leis na trialacha roghnúcháin.

An bhfuil an mianach ceart ionat?

Ní ghlacfar le hiarratais ach ó shaoránaigh den Aontas Eorpach a bhfuil cearta iomlána acu mar shaoránaigh den Aontas.

Ní mór eolas cuimsitheach a bheith agat ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais agus eolas sásúil a bheith agat ar cheann eile de theangacha oifigiúla an Aontais.

Ní mór an méid seo a leanas a bheith agat chomh maith:

Le haghaidh réimse 1 – An mhicreacnamaíocht/an mhaicreacnamaíocht:

  • céim ollscoile 4 bliana ar a laghad agus 3 bliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha a fuarthas ina diaidh sin, sin nó céim ollscoile 3 bliana ar a laghad agus 4 bliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha a fuarthas ina diaidh sin i gceann de na réimsí seo a leanas: an eacnamaíocht (réimsí amhail an eacnaiméadracht, an eacnamaíocht fheidhmeach agus an t-eagrú gnó san áireamh), an t-airgeadas, an mhatamaitic, an staidreamh, an fhisic nó an innealtóireacht. 

Le haghaidh réimse 2 – An eacnamaíocht airgeadais:

  • céim ollscoile 4 bliana ar a laghad agus 3 bliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha a fuarthas ina diaidh sin, sin nó céim ollscoile 3 bliana ar a laghad agus 4 bliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha a fuarthas ina diaidh sin i gceann de na réimsí seo a leanas: an eacnamaíocht (réimsí amhail an eacnaiméadracht, an eacnamaíocht fheidhmeach agus an t-eagrú gnó), an mhatamaitic, an staidreamh, an gnó, an t-airgeadas, an chuntasaíocht, an t-eagrú airgeadais, agus/nó na heolaíochtaí achtúireacha.

sin nó

  • céim ollscoile 4 bliana ar a laghad agus 5 bliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha a fuarthas ina diaidh sin, sin nó céim ollscoile 3 bliana ar a laghad agus 6 bliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha a fuarthas ina diaidh sin i réimse nach ceann de na réimsí thuasluaite é.

Le haghaidh réimse 3 – An eacnamaíocht thionsclaíoch:

  • céim ollscoile 4 bliana ar a laghad agus 3 bliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha a fuarthas ina diaidh sin, sin nó céim ollscoile 3 bliana ar a laghad agus 4 bliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha a fuarthas ina diaidh sin i réimse na heacnamaíochta (réimsí amhail an eacnaiméadracht, an eacnamaíocht fheidhmeach agus an t-eagrú gnó san áireamh) nó i réimse an staidrimh.

Tá eolas mionsonraithe faoi na riachtanais le fáil san fhógra comórtais agus san fhógra leasaitheach a ghabhann leis ar an leathanach iarratais thíos.

Is féidir iarratas a dhéanamh ón 28 Bealtaine 2024 go dtí an 9 Iúil 2024 ar 12:00 (meán lae), am na Bruiséile.