Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Conas clárú i mbunachar sonraí ball foirne ar conradh

  • Féach rannán na mball foirne ar conradh agus roghnaigh an phróifíl is fearr a oireann do do chúlra acadúil agus gairmiúil.

  • Léigh na doiciméid thábhachtacha uile, go háirithe an glao ar léiriú spéise.

  • Cliceáil ar ‘Iarratas a dhéanamh’ agus iarrfar ort logáil isteach i do chuntas EPSO féin. Mura bhfuil cuntas agat, is féidir leat ceann a chruthú an tráth sin.

  • Is féidir leat clárú ansin sa bhunachar sonraí ball foirne ar conradh ach foirm iarratais a líonadh isteach.

  • Nuair a thagann riachtanais earcaíochta chun cinn, déanann EPSO cuardach ar an mbunachar sonraí agus cruthaíonn sé gearrliosta iarrthóirí a oireann do riachtanais na bpost.

  • Déanann na hiarrthóirí a chuirtear ar an ngearrliosta trialacha ar ríomhaire (ceisteanna ilrogha) ar réasúnaíocht bhriathartha, uimhriúil agus theibí. D’fhéadfadh sé go dtabharfaí cuireadh d’iarrthóirí ar éirigh leo chun agallaimh leis an institiúid atá ag earcú, agus d’fhéadfadh sé go ndéanfaí iad a fhostú.

  • Postáiltear cuirí chun trialacha agus nuashonruithe eile i do chuntas EPSO. Is féidir leat liostáil ar an leathanach próifíle freisin chun fógraí a fháil.

  • Féadfaidh tú iarratas díreach a dhéanamh freisin ar fholúntais do bhaill foirne ar conradh agus cuireadh a fháil na trialacha a dhéanamh. Mar sin féin, ní mór pas a fháil sna trialacha chun go ndéanfaí thú a fhostú.