Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Déan iarratas ar ghairm i réimse an bhainistithe sonraí agus an eolais ar shonraí

Tá na hinstitiúidí den Aontas Eorpach ag lorg gairmithe i réimse an bhainistithe sonraí agus an eolais ar shonraí. Earcófar na hiarrthóirí a n-éireoidh leo mar riarthóirí ag grád AD 7 i gcás poist atá lonnaithe i Lucsamburg.

Féadfar aon cheann de na dualgais atá liostaithe thíos a shannadh do na hiarrthóirí a n-éireoidh leo, go haonarach nó in éineacht le chéile, de réir riachtanais na seirbhíse. Féadfar dualgais chomhchosúla nó dualgais ghaolmhara a shannadh freisin.

  1. Ailtireacht agus idir-inoibritheacht sonraí – córais sonraí a dhearadh agus a struchtúrú chun idir-inoibritheacht agus comhlíontacht an Aontais a chinntiú
  2. Rialachas agus comhlíontacht sonraí – creataí a bhunú chun rochtain ar shonraí, cáilíocht sonraí agus gnéithe eile den tírdhreach rialála a bhainistiú
  3. Beartais agus straitéis sonraí – creataí straitéiseacha a fhorbairt chun beartais maidir le bainistiú agus úsáid sonraí ar fud na n-earnálacha a threorú
  4. Innealtóireacht agus comhtháthú sonraí – córais a thógáil agus a chothabháil chun sonraí a ionghabháil, faisnéis struchtúrtha/leathstruchtúrtha, ábhar ilmheán, sonraí geospásúla, etc., a chlaochlú agus a scaipeadh
  5. Stórasú sonraí agus ardáin sonraí – stórtha agus ardáin láraithe a chruthú chun sonraí a stóráil agus a anailísiú
  6. Faisnéis ghnó agus tuairisciú – léargais inghníomhaithe a dhéanamh de shonraí trí anailísíocht agus léirshamhlú
  7. Máistirshonraí agus sonraí tagartha a bhainistiú – comhsheasmhacht agus cruinneas sonraí gnó criticiúla a chinntiú ar fud na gcóras
  8. Tacsanomaíocht sonraí agus bainistiú meiteashonraí – sonraí a eagrú agus a chur i gcomhthéacs chun so-aimsitheacht, inrochtaineacht agus in-athúsáidteacht a fheabhsú
  9. Bainistiú cáilíochta sonraí – cruinneas, iomláine agus iontaofacht na sonraí a chinntiú
  10. Slándáil sonraí agus príobháideachas – sonraí a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe agus comhlíonadh na rialachán príobháideachais a chinntiú
  11. Ard-anailísíocht agus ullmhú IS – sonraí struchtúrtha agus neamhstruchtúrtha a ullmhú le haghaidh na meaisínfhoghlama agus feidhmchláir IS, agus samhlacha teanga móra san áireamh

Tá eolas mionsonraithe faoi dhualgais shonracha an phoist le fáil san fhógra comórtais (féach Iarscríbhinn II – Príomhdhualgais).