Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Riarthóirí i réimse an staidrimh

man doing statistics on his laptop

An bhfuil taithí i réimse an staidrimh agat? Ar mhaith leat tús a chur le gairmréim idirnáisiúnta laistigh d’fhoireann ilchultúrtha ilchineálach? Dá mba mhaith, léigh leat.

Tá an tAontas Eorpach ag lorg gairmithe ardcháilithe i réimse na sonraí agus an staidrimh agus sa staidreamh maicreacnamaíoch. Is ag na gráid riarthóra AD6 agus AD7 faoi seach a earcófar na hiarrthóirí a n-éireoidh leo.

Is ag brath ar an réimse atá roghnaithe agat a bheidh na príomhchúraimí a bheidh ort. Tabhair do d’aire nach ceadmhach iarratas a dhéanamh ach ar aon cheann amháin de na réimsí seo a leanas:

Réimse 1 – Sonraí agus staidreamh: Is le ceann amháin den dá phríomhréimse thíos a bhainfidh na gnáthdhualgais a bheidh ort:

 

  • Modheolaíocht agus táirgeadh staidrimh oifigiúil

sin nó

  • Eolaíocht sonraí le haghaidh staidreamh oifigiúil.

 

Réimse 2 – Staidreamh maicreacnamaíoch: Is le ceann amháin den dá phríomhréimse thíos a bhainfidh na gnáthdhualgais a bheidh ort:

 

  • Cuntais náisiúnta, staidreamh praghsanna agus comhardú na n-íocaíochtaí

sin nó

  • Staidreamh airgeadais an rialtais agus staidreamh maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach

 

Tá eolas mionsonraithe faoi dhualgais shonracha an phoist le fáil san fhógra comórtais (féach Iarscríbhinn II – Gnáthdhualgais).

 

ÉAGSÚLACHT AGUS CUIMSIÚ

Don duine atá fostaithe acu, cuireann institiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh pobal saineolais ar fáil maille le cuid mhór deiseanna ar a fhorbairt phearsanta agus a fhorbairt ghairmiúil a leathnú. Na foirne ilchultúrtha idirnáisiúnta ilchineálacha a bhíonn ag obair i státseirbhís an Aontais Eorpaigh, bíonn siad ag obair ar son tuairim agus 450 milliún saoránach den Aontas agus tuilleadh nach iad.

Tá institiúidí agus comhlachtaí an Aontais a n-oibríonn EPSO dóibh tiomanta don éagsúlacht agus don chuimsiú. Féachann siad leis an éagsúlacht a bhaint amach go gníomhach agus cuireann siad an cuimsiú chun cinn i measc a mball foirne. Dá bhrí sin, is mór ag EPSO iarratais ó iarrthóirí cáilithe ó chúlraí éagsúla agus ón mbonn geografach is leithne is féidir i measc Bhallstáit an Aontais Eorpaigh. Tá tuilleadh eolais faoin Éagsúlacht agus Cuimsiú in institiúidí agus comhlachtaí an Aontais le fáil ar an leathanach gréasáin tiomnaithe seo.

An bhfuil an mianach ceart ionat?

  • Ní ghlacfar le hiarratais ach ó shaoránaigh den Aontas Eorpach a bhfuil cearta iomlána acu mar shaoránaigh den Aontas.
  • Ní mór eolas cuimsitheach a bheith agat ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais agus eolas sásúil a bheith agat ar cheann eile de theangacha oifigiúla an Aontais.
     
  • Ní mór an méid seo a leanas a bheith agat chomh maith:
     

Le haghaidh Réimse 1 – Sonraí agus staidreamh (AD6):

 

  • céim ollscoile 3 bliana ar a laghad sa staidreamh, san airgeadas, sa mhatamaitic, sa mhéadreolaíocht, sa déimeagrafaíocht, san fhaisnéisíocht, sa ríomheolaíocht, san fhisic, sa taighde oibríochtúil, san innealtóireacht, san eolaíocht shóisialta, sa tsocheolaíocht, sa riarachán gnó nó san eacnamaíocht, agus 4 bliana ar a laghad de thaithí ghairmiúil ábhartha a fuarthas ina dhiaidh sin.
     
    *Measfar an riachtanas oideachais a bheith comhlíonta i gcásanna ina mbeidh céim ollscoile bainte amach ag an iarrthóir i réimse eile, ach ina mbeidh cúrsa acadúil a mhair bliain acadúil amháin críochnaithe aige ina dhiaidh sin agus dioplóma bainte amach aige dá bharr i gceann de na réimsí atá sonraithe thuas, ar choinníoll go measfar gurb ionann an staidéar atá i gceist agus staidéar ollscoile a mhair trí bliana ar a laghad (i.e. staidéar tiontúcháin).

sin nó

  • céim ollscoile 4 bliana ar a laghad i réimse seachas na réimsí atá liostaithe thuas, agus 3 bliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha a fuarthas ina dhiaidh sin.

    *Measfar an riachtanas oideachais a bheith comhlíonta i gcásanna ina mbeidh ardchéim ag an iarrthóir (máistreacht, PhD nó a comhionann) i gceann amháin de na réimsí atá sonraithe thuas, gan beann ar réimse an staidéir a chuir an t-iarrthóir i gcrích roimhe.

sin nó

  • céim ollscoile 3 bliana ar a laghad i réimse nach bhfuil liostaithe thuas, agus 6 mbliana ar a laghad de thaithí ghairmiúil ábhartha ina diaidh sin.

     

Le haghaidh Réimse 2 – Staidreamh maicreacnamaíoch (AD7):

  • céim ollscoile 3 bliana ar a laghad sa staidreamh, sa mhatamaitic, san eacnamaíocht nó sa riarachán gnó, agus 7 mbliana ar a laghad de thaithí ghairmiúil ábhartha a fuarthas ina dhiaidh sin.

    *Measfar an riachtanas oideachais a bheith comhlíonta i gcásanna ina mbeidh céim ollscoile ag an iarrthóir i réimse eile ach ina mbeidh cúrsa acadúil bliana curtha i gcrích aige agus dioplóma bainte amach aige i gceann de na réimsí seo a leanas: modheolaíocht staidrimh ghinearálta, modhanna matamaiticiúla le haghaidh staidreamh oifigiúil san áireamh; staidreamh maicreacnamaíoch; staidreamh fioscacha, ar choinníoll go meastar gurb ionann an staidéar atá i gceist agus staidéar ollscoile a mhair trí bliana ar a laghad (e.g. staidéir tiontúcháin)

sin nó

  • céim ollscoile 4 bliana ar a laghad i réimse seachas na réimsí atá liostaithe thuas, agus 6 bliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha a fuarthas ina dhiaidh sin.

    *Measfar an riachtanas oideachais a bheith comhlíonta i gcásanna ina mbeidh ardchéim ag an iarrthóir (máistreacht, PhD nó a comhionann) i gceann amháin de na réimsí atá sonraithe thuas, gan beann ar réimse an staidéir a chuir an t-iarrthóir i gcrích roimhe.

sin nó

  • céim ollscoile 3 bliana ar a laghad i réimse nach bhfuil liostaithe thuas, agus 8 mbliana ar a laghad de thaithí ghairmiúil ábhartha a fuarthas ina diaidh sin.
     

Féadfaidh na hiarrthóirí aon dá cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais a roghnú le haghaidh na dtrialacha. Nuair a chuirfear na hiarrthóirí a n-éireoidh leo ar phainéal, féadfaidh seirbhísí earcaíochta chomhlachtaí agus institiúidí an Aontais Eorpaigh ar spéis leo a bpróifíl dul i dteagmháil leo chun agallaimh earcaíochta spriocdhírithe a dhéanamh. Na hagallaimh sin agus aon phróiseas gaolmhar eile, tá siad lasmuigh den phróiseas roghnúcháin a dhéanann EPSO. Is iad na seirbhísí earcaíochta ábhartha a dhéanann na hagallaimh earcaíochta, i mBéarla agus/nó i bhFraincis de ghnáth. Féadfar teangacha eile a úsáid le linn na n-agallamh freisin, de réir riachtanais na seirbhísí earcaíochta agus an eolais a chuir na hiarrthóirí in iúl ina n-iarratas.

Tá eolas mionsonraithe faoi na riachtanais le fáil san fhógra comórtais ar an leathanach iarratais thíos.

Is féidir iarratas a dhéanamh ón 11 Meitheamh 2024 go dtí an 16 Iúil 2024 ar 12:00 (meán lae), am na Bruiséile.