Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Éagsúlacht agus Cuimsiú in institiúidí agus i gcomhlachtaí an Aontais Eorpaigh

Is fostóirí an-tiomanta iad institiúidí agus comhlachtaí an Aontais ó thaobh na hÉagsúlachta agus an Chuimsithe de. Tá breis eolais ar fáil thíos faoin dóigh a láimhseálann institiúidí agus comhlachtaí an Aontais an méid sin, agus a ráiteas misin faoi seach san áireamh. Beidh tú in ann teagmháil a dhéanamh leo le haghaidh breis eolais freisin, mar is ábhartha.
 

Is fóram tábhachtach í Parlaimint na hEorpa le haghaidh na díospóireachta polaitiúla agus an phróisis cinnteoireachta ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Is iad na vótálaithe a thoghann Feisirí Pharlaimint na hEorpa go díreach sna Ballstáit uile chun ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna an phobail maidir le reachtóireacht an Aontais agus chun a chinntiú go mbíonn institiúidí eile an Aontais ag obair go daonlathach. Feidhmíonn an Pharlaimint mar chomhreachtóir, agus comhroinneann sí leis an gComhairle an chumhacht chun tograí reachtacha a ghlacadh agus a leasú agus chun buiséad an Aontais a chinneadh. Déanann sí maoirseacht freisin ar obair an Choimisiúin agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais agus comhoibríonn sí le parlaimintí náisiúnta thíortha an Aontais chun a dtuairimí a fháil.

Ráiteas misin
‘Is fostóir cuimsitheach í Parlaimint na hEorpa agus is mór aici linn tallann éagsúil, rud ar a mbíonn sí sa tóir. Cothaímid timpeallacht shábháilte mheasúil nach ndéantar aon chineál leatroim ar ár bhfoireann ar fad inti, rud a léirítear i mbeartais agus i gcleachtais ár n-acmhainní daonna’.

Féach leat tuilleadh eolais faoi bheartais agus cleachtais Pharlaimint na hEorpa maidir le héagsúlacht agus cuimsiú.
Déan teagmháil le: PERS-EIDU@europarl.europa.eu


Is í an Chomhairle Eorpach, arb iad cinn stáit agus rialtais na mBallstát ar fad na comhaltaí inti, a leagann síos treoir pholaitiúil fhoriomlán an Aontais agus na tosaíochtaí is tábhachtaí do thodhchaí an Aontais. Leagann sí amach clár oibre straitéiseach agus polaitiúil an Aontais ar an leibhéal polaitiúil is airde. Is í Comhairle an Aontais Eorpaigh a dhéanann dlíthe an Aontais a chaibidliú agus a ghlacadh, beartais na mBallstát a chomhordú, comhbheartas eachtrach agus slándála a fhorbairt, agus comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích. Bíonn airí agus státrúnaithe na mBallstát ar fad ag cruinniú le chéile i 10 bhfoirmíocht éagsúla, ag brath ar an ábhar atá á phlé.

Ráiteas misin
‘In Ardrúnaíocht na Comhairle (ARC), féachaimid go gníomhach leis an éagsúlacht a bhaint amach agus leis an gcuimsiú a chur chun cinn i measc na mball foirne. Glacaimid go réidh le gach éagsúlacht agus cothaímid meas agus muintearas. Creidimid go ndéanann an éagsúlacht leas dár ndearcthaí, go bhfeabhsaíonn sí ár bhfeidhmíocht, agus go mothaíonn gach duine sábháilte agus go bhfuil meas orthu mar gheall ar an éagsúlacht’.

Féach leat tuilleadh eolais faoi bheartais agus cleachtais na Comhairle maidir le héagsúlacht agus cuimsiú.
Déan teagmháil le: diversity.inclusion@consilium.europa.eu


Is é ról an Choimisiúin Eorpaigh (CE) leas ginearálta an Aontais a chur chun cinn trí reachtaíocht a mholadh agus a fhorfheidhmiú: is é brainse feidhmeannach an Aontais é agus tá sé neamhspleách ó thaobh na polaitíochta de.  Is ag foireann Coimisinéirí (duine amháin as gach Ballstát) a bhíonn an cheannaireacht pholaitiúil, agus is é Uachtarán an Choimisiúin atá i gceannas ar an bhfoireann sin, duine a chinneann cén Coimisinéir a bheidh freagrach as réimse beartais ar leith. Tar éis an togra le haghaidh téacs reachtach a bheith eisithe, seoltar é chuig an gComhairle (mar ionadaí do na Ballstáit) agus chuig an bParlaimint (mar ionadaí do shaoránaigh na hEorpa) chun bheith glactha. Riarann sé buiséad an Aontais agus na cláir bheartais (i.e. talmhaíocht, iascach, taighde etc.) i gcomhar le húdaráis sna Ballstáit.

Ráiteas misin
‘Éagsúlacht agus cuimsiú a chur chun cinn trí phobal na nAcmhainní Daonna, agus a phríomhshruthú ar fad a threorú isteach i mbeartais agus i bpróisis uile na nAcmhainní Daonna laistigh den institiúid. Is é an cuspóir deiridh cultúr fíorchuimsitheach oibre a chruthú ina mothóidh gach duine sábháilte, go n-éistear leo, agus go bhfuil meas orthu’.

Féach leat tuilleadh eolais faoi bheartais agus cleachtais an Choimisiúin Eorpaigh maidir le héagsúlacht agus cuimsiú.
Déan teagmháil le: HR-DIVERSITY-INCLUSION-OFFICE@ec.europa.eu 


Is í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) údarás breithiúnach an Aontais Eorpaigh. Is é an ról atá aige a chinntiú go léiríonn institiúidí an Aontais agus na Ballstáit meas ar dhlíthe an Aontais agus go gcuirtear na dlíthe sin i bhfeidhm ar an mbealach céanna ar fud an Aontais. Cinntíonn sé sin gur ar an smacht reachta atá an tAontas bunaithe, rud is gné bhunúsach de gach eintiteas daonlathach.

Ráiteas misin
‘I gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, cinntímid comhdheiseanna, éagsúlacht agus cuimsiú na n-iarrthóirí agus na mball foirne, gan beann ar ghnéas, cine, dath craicinn, bunadh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó claonadh gnéasach’.

Féach leat tuilleadh eolais faoi na beartais agus cleachtais maidir le héagsúlacht agus cuimsiú sa Chúirt Bhreithiúnais trí theagmháil a dhéanamh le: egalite des chances.diversite@curia.europa.eu


Ceann de na hinstitiúidí oifigiúla is nuabhunaithe de chuid an Aontais is ea an Banc Ceannais Eorpach (BCE), a cuireadh ar bun in 1998 agus a bhfuil níos mó ná 3,500 fostaí aige as gach cearn den Eoraip. Is iad na gnéithe is lárnaí de mhisean an BCE comhtháthú airgeadais agus seasmhacht airgeadais a chur chun cinn. Oibríonn an BCE i ndlúthchomhar le gach ceann de na 19 mbanc ceannais náisiúnta sa limistéar euro, a bhfuil siad sin agus an BCE i dteannta a chéile i ngrúpa ar a dtugtar an Eurochóras. Bíonn sé i dteagmháil go rialta le gach ceann de na 27 mbanc ceannais náisiúnta san Aontas Eorpach, agus iad ar fad páirteach i líonra ar a dtugtar an Córas Eorpach Banc Ceannais.

Misean ráitis
‘Sa Bhanc Ceannais Eorpach, creidimid go gcruthaíonn an éagsúlacht barr feabhais – le foirne níos éagsúla bíonn raon tuairimí níos leithne ann, agus beidh torthaí níos fearr agus níos láidre ann dá bharr sin. Léiríonn éagsúlacht BCE an tsochaí dá n-oibrímid. Dá bhrí sin, tá sé d’aidhm againn timpeallacht oibre éagsúil chuimsitheach a chothú, ina n-urramaítear agus ina gcumhachtaítear gach fostaí chun tionchar a imirt ar an Eoraip’.

Féach leat tuilleadh eolais faoi bheartais agus cleachtais BCE maidir le héagsúlacht agus cuimsiú.
Déan teagmháil le: diversityinclusion@ecb.europa.eu


Is í Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) iniúchóir seachtrach an Aontais ó cuireadh ar bun í i mí Dheireadh Fómhair 1977. Is é is aidhm do CIE feabhas a chur ar an dóigh a ndéantar airgeadas an Aontais a bhainistiú agus rannchuidiú le cuntasacht phoiblí maidir le buiséad an Aontais a chruinniú agus a chaitheamh trí dhearbhú agus trí chomhairle. Tá CIE ar cheann de sheacht n-institiúid an Aontais: is i Lucsamburg atá sí lonnaithe agus fostaíonn sí thart ar 900 ball foirne iniúchóireachta, tacaíochta agus riaracháin, agus gach náisiúntacht den Aontas ina measc.

Ráiteas misin
‘I gCúirt Iniúchóirí na hEorpa, tá sé d’aidhm againn áit a chruthú inar féidir linn ár gcroí agus ár n-anam a thabhairt linn chun na hoibre. Aithnímid agus urraímid cumas agus riachtanais uathúla gach comhghleacaí. Is mór againn ár n-éagsúlacht toisc go measaimid go bhfuil sí ar ceann de na láidreachtaí is mó atá againn’.

Féach leat tuilleadh eolais faoi bheartais agus cleachtais CIE maidir le héagsúlacht agus cuimsiú. Déan teagmháil le: diversity-and-inclusion@eca.europa.eu


Tugann Coiste Eorpach na Réigiún (CER) ardán do réigiúin agus cathracha san Aontas Eorpach. Déanann sé ionadaíocht ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha ar fud an Aontais agus tugann sé comhairle maidir le dlíthe nua ag a mbíonn tionchar ar réigiúin agus ar chathracha (70% de reachtaíocht uile an Aontais).

Is tionól polaitiúil é Coiste na Réigiún ina bhfuil 329 gcomhalta agus 329 gcomhalta mhalartacha ó thíortha uile an Aontais (arna ngrúpáil de réir páirtí polaitiúil agus faoi cheannas an Uachtaráin) a toghadh ar an leibhéal áitiúil nó réigiúnach (mar Mhéaraí nó mar Uachtaráin réigiúin, mar shampla). Tagann siad chun na Bruiséile suas le sé huaire sa bhliain chun a dtuairimí ar reachtaíocht bheartaithe a phlé, agus chun teacht ar chomhaontú maidir le rúin le haghaidh tuilleadh gníomhaíochta ón Aontas Eorpach.

Ráiteas misin
‘Tá Coiste Eorpach na Réigiún tiomanta deiseanna iomlána cothroma a chinntiú do chách agus gach iarracht a dhéanamh chun ionad oibre cuimsitheach éagsúil a bhaint amach. Ba cheart don fhoireann an éagsúlacht sa tsochaí a léiriú, agus ar an dóigh sin, inchreidteacht na hinstitiúide a fheabhsú agus í a thabhairt níos gaire do na saoránaigh. Táimid go léir éagsúil. Ba cheart meas a bheith ar gach ball foirne, ba cheart dóibh a bheith dílis dóibh féin, agus ba cheart é a bheith de shaoirse acu a n-acmhainneacht iomlán a bhaint amach’.

Féach leat tuilleadh eolais faoi bheartais agus cleachtais CER maidir le héagsúlacht agus cuimsiú.
Déan teagmháil le: Equal-Opportunities@cor.europa.eu


Is fóram ar leith é Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) le haghaidh comhairliúchán, idirphlé agus comhdhearcadh i measc ionadaithe ó gach earnáil éagsúil den tsochaí shibhialta eagraithe, ina measc sin fostóirí, ceardchumainn agus grúpálacha amhail comhlachais ghairmiúla agus phobail, eagraíochtaí don óige, grúpaí ban, feirmeoirí, tomhaltóirí, FBManna, feachtasóirí ar son an chomhshaoil agus go leor eile. Is é an misean atá aige ardán a thabhairt don tsochaí shibhialta eagraithe.

Ráiteas misin
‘In CESE táimid tiomanta do thimpeallacht oibre chuimsitheach do chách. Déanaimid ár ndícheall cloí le prionsabail an chomhionannais deiseanna agus an neamh-idirdhealaithe, agus cuirimid an éagsúlacht chun cinn go gníomhach laistigh dár nArdrúnaíocht. Tá cur chun cinn na héagsúlachta agus na cuimsitheachta ar cheann de chúig phríomhluach Ardrúnaíocht CESE atá sainithe ina phlean bainistíochta 2021-2025’.

Féach leat tuilleadh eolais faoi bheartais agus cleachtais CESE maidir le héagsúlacht agus cuimsiú trí theagmháil a dhéanamh le diversity-inclusion@eesc.europa.eu.
Déan teagmháil le: diversity-inclusion@eesc.europa.eu 


Bunaíodh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) in 2004 sa Bhruiséil. Mar údarás neamhspleách cosanta sonraí an Aontais Eorpaigh, féachann an MECS le bheith ina lárionad neamhchlaonta barr feabhais chun cosaint sonraí agus caighdeáin phríobháideachais an Aontais Eorpaigh a fhorfheidhmiú agus a neartú, sa chleachtas agus sa dlí araon. Cuireann MECS tacaíocht ar fáil freisin do Rúnaíocht an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí (EDPB), comhlacht Eorpach neamhspleách ina bhfuil ionadaithe ó údaráis náisiúnta cosanta sonraí an Aontais, rud a bunaíodh in 2016 leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus atá lonnaithe sa Bhruiséil.

Ráiteas misin
‘Sa Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus ar an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, táimid tiomanta cuimsiú agus éagsúlacht de gach cineál a chur chun cinn, agus deiseanna comhionanna a thabhairt do chách chun go n-éireoidh leo. Déanaimid ár ndícheall a chinntiú go mbeidh gach fostaí in ann a n-acmhainneacht a bhaint amach agus cuirimid cothromaíocht fhónta oibre is saoil ar fáil dóibh trí shocruithe fleisc-ama agus hibrideacha oibre’.

Féach leat tuilleadh eolais faoi bheartais agus cleachtais MECS maidir le héagsúlacht agus cuimsiú.
Déan teagmháil le: hrba@edps.europa.eu


Is í an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) seirbhís taidhleoireachta an Aontais Eorpaigh. Cuireann sí tacaíocht ar fáil d’Ardionadaí / Leas-Uachtarán an Choimisiúin maidir le Comhbheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais a chur i gcrích. Déanann sí ionadaíocht ar an Aontas i ndlúthchomhar lena gcomhghleacaithe sna Ballstáit, sa Bhruiséil agus trí na 140 toscaireacht dhéthaobhach agus iltaobhach ar domhan atá aici.

Ráiteas misin
‘In SEGS cuirimid comhionannas inscne, éagsúlacht agus cuimsiú chun cinn go hinmheánach agus inár ngníomhaíochtaí seachtracha uile. Déanaimid ár ndícheall linn tallann éagsúil a bhaint amach chun ár bpeirspictíocht a shaibhriú agus chun ár ngníomhartha a fheabhsú. Tá an-aird againn ar an dínit agus tá sé d’aidhm againn cultúr cuimsitheach oibre a bhaint amach ina mbíonn meas ar gach duine agus ina mbíonn siad sábháilte’.

Féach leat tuilleadh eolais faoi bheartais agus cleachtais SEGS maidir le héagsúlacht agus cuimsiú.
Déan teagmháil le: HR-GENDER-AND-DIVERSITY-POLICY@eeas.europa.eu


Is comhlacht neamhspleách neamhchlaonta é an tOmbudsman Eorpach a thugann institiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh chun cuntais agus a chuireann an dea-riarachán chun cinn. Cuidíonn an tOmbudsman le daoine, le gnólachtaí agus le heagraíochtaí a bhfuil fadhbanna acu le riarachán an Aontais trí imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin a bhaineann le drochriarachán in institiúidí agus i gcomhlachtaí an Aontais, agus trí shaincheisteanna sistéamacha níos leithne a fhiosrú go réamhghníomhach.

Ráiteas misin
‘Is fostóir comhdheiseanna é an tOmbudsman Eorpach a spreagann iarratais ó dhaoine cáilithe agus a fhéachann le héagsúlacht, cuimsiú agus inrochtaineacht a chur chun cinn go gníomhach sa láthair oibre. Tá beartas neamhfhulaingthe againn lena gcuirtear cosc ar aon chineál ciaptha agus idirdhealaithe a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dár mbaill foirne’.

Féach leat tuilleadh eolais faoi bheartais agus cleachtais an Ombudsman Eorpaigh trí theagmháil a dhéanamh le zinovia.assimakopoulou@ombudsman.europa.eu

Eolas teagmhála:
Suíomh gréasáin: https://www.ombudsman.europa.eu/ga/home
Bosca ríomhphoist feidhmiúil: career@ombudsman.europa.eu
Seoladh ríomhphoist an duine atá i bhfeighil: zinovia.assimakopoulou@ombudsman.europa.eu


Is é an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) atá freagrach as iasachtaí a chur ar fáil san Aontas Eorpach. Tá Grúpa BEI ina dhá chuid: an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta. Tá taithí agus saineolas ar leith ag an dá chuid acu ar mhaoiniú tionscadail agus iad ag plé leis sin le breis agus 60 bliain anuas. Is i Lucsamburg atá a gceanncheathrú, agus tá líonra oifigí áitiúla agus réigiúnacha acu san Eoraip agus i gcéin.

Ráiteas misin
‘I mBanc Infheistíochta an Aontais Eorpaigh, is cuid lárnach dár luachanna, dár bhféiniúlacht agus dár misean í an éagsúlacht, agus is í an éagsúlacht sin a shainíonn mar institiúid muid. Tá cur chuige iomlánaíoch againn chun a chinntiú go mbíonn ról straitéiseach ag Éagsúlacht, Cothromas, Cuimsiú agus Muintearas i bhforbairt an Bhainc, go hinmheánach dár mbaill foirne agus dár bpáirtithe leasmhara go léir’.

Féach leat tuilleadh eolais faoi bheartais agus cleachtais BEI maidir le héagsúlacht agus cuimsiú.
Déan teagmháil le: inclusion@eib.org


Na 48 ngníomhaireacht agus comhghnóthas dhíláraithe de chuid an Aontais Eorpaigh, a bhfuil a gceanncheathrú lonnaithe ar fud na mBallstát, téann siad i gcion ar 440 milliún saoránach den Aontas gach lá trína gcuid oibre.

Cuireann na Gníomhaireachtaí le cur i bhfeidhm bheartais an Aontais ar fud raon leathan réimsí, amhail gairmoideachas agus gairmoiliúint, sláinte agus sábháilteacht, saoirse agus ceartas, nuálaíocht, taighde agus gnó, agus iompar agus córais satailíte.

Ráiteas misin
‘Trínár n-eolas coiteann agus ár ngníomhaíochtaí coiteanna, rannchuidímid le cur i bhfeidhm bheartais an Aontais agus féachaimid le forbairt a dhéanamh ar an Eoraip ionas gur inbhuanaithe, gur cuimsithí agus gur iomaíche a bheidh sí ar mhaithe le gach saoránach den Aontas’.

Féach leat tuilleadh eolais faoi bheartais agus cleachtais Líonra Ghníomhaireachtaí an Aontais maidir le héagsúlacht agus cuimsiú.
Déan teagmháil le: coordination@euan.europa.eu