Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Déan iarratas ar ghairm i réimse an bhainistithe foirgneamh

An saineolaí ar bhainistiú foirgneamh thú? Ar mhaith leat tús a chur le gairmréim idirnáisiúnta mar chuid d’fhoireann ilchultúrtha ilchineálach? Dá mba mhaith, léigh leat.

Tá institiúidí an Aontais Eorpaigh ag lorg gairmithe i gceithre cinn de réimsí: bainistiú tionscadal san earnáil foirgníochta, ailtireacht agus bainistiú tionscadal, innealtóireacht leictreach agus bainistiú tionscadal, chomh maith le hinnealtóireacht téimh, aerála agus aerchóirithe (HVAC) agus bainistiú tionscadal. Ní fhéadfaidh iarrthóirí iarratas a dhéanamh ach ar cheann amháin de na réimsí sin, agus earcófar na hiarrthóirí a n-éireoidh leo mar riarthóirí ar ghrád AD 7.

Beidh na hoifigigh a earcófar freagrach as tionscadail foirgníochta a phleanáil, a dhearadh agus a chur i bhfeidhm ar fud institiúidí an Aontais. Ar na dualgais tá tionscadail foirgníochta agus athchóirithe a bhainistiú, cinnte a dhéanamh de chomhlíonadh na gcaighdeán inbhuanaitheachta, inrochtaineachta, sábháilteachta agus slándála, agus maoirseacht a dhéanamh ar staidéir theicniúla, ar bhuiséid, ar thairiscintí agus ar chonarthaí. Déanfaidh na bainisteoirí tionscadail comhordú freisin ar fhoirne inmheánacha agus ar chonraitheoirí seachtracha, rannchuideoidh siad le beartas a chur i bhfeidhm, agus cinnteoidh siad ardchaighdeáin maidir le feidhmíocht, compord agus freagracht comhshaoil foirgneamh.

Tá eolas mionsonraithe faoi dhualgais shonracha an phoist le fáil san fhógra comórtais (féach Iarscríbhinn II – Príomhdhualgais).