Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

An Bhruiséil agus Lucsamburg

Brussels and Luxembourg picture

Is sa Bhruiséil nó i Lucsamburg a chuireann formhór oifigigh an Aontais tús lena ngairmréim, an dá áit a bhfuil formhór na n-institiúidí Eorpacha suite, an dá áit a mbíonn beartais an Aontais á gceapadh.

Téann daoine as gach cearn den Eoraip ar athlonnú go dtí an dá chathair sin le bheith ag obair don Aontas Eorpach nó d’eagraíochtaí idirnáisiúnta eile agus mar sin bí ag súil le bualadh agus meascadh le daoine áitiúla agus le pobal bríomhar easaoránach agus sult agus taitneamh a bhaint as an saol i gcuideachta leo. 

Caighdeán ard maireachtála atá sa Bhruiséil agus i Lucsamburg, agus is iad atá glas, ilchultúrtha agus fáilteach; tá saol bríomhar cultúrtha agus sóisialta iontu, chomh maith le páirceanna, foirgnimh stairiúla, músaeim, bialanna agus beáir.

Tá naisc bhóthair, iarnróid agus eitilte den scoth sa dá chathair, mar sin nuair a aireoidh tú uait an baile nó má bhíonn saoire de dhíth ort beidh cuid mhaith cathracha agus cinn scríbe eile nach mbeidh ach cúpla uair an chloig ar shiúl uait.

Tuilleadh eolais faoi bheith ag obair agus ag maireachtáil sa Bhruiséil.

Tuilleadh eolais faoi bheith ag obair agus ag maireachtáil i Lucsamburg.