Fíor nó bréagach? Míthuiscintí agus fíricí faoi phróisis roghnúcháin EPSO
Tá nuacht neamhfhoirmiúil faoi phróisis roghnúcháin EPSO le fáil in go leor cuntas ar na meáin shóisialta. D’fhéadfadh cuid de a bheith fíor, d’fhéadfadh cuid de a bheith bréagach. Tá sé tábhachtach idirdhealú a dhéanamh idir míthuiscintí agus fíricí. Is é is aidhm don leathanach seo an méid sin a shoiléiriú, agus cuidiú le hiarrthóirí a d’fhéadfadh a bheith ann aon ábhar amhrais atá acu a shoiléiriú.
Tá neart saineolais agus taithí oibre agam ach ní mór dom dul in iomaíocht leis na mílte iarrthóirí eile chun post buan a fháil mar oifigeach in institiúidí an Aontais Eorpaigh.
Go deimhin, d’fhéadfadh sé go mbeadh na mílte saoránach ó gach cearn de na 27 mBallstát den Aontas páirteach i roinnt comórtas, cuir i gcás an comórtas ar a dtugtar ‘comórtas ginearálta AD5’ agus roinnt comórtas i sainréimsí freisin, amhail an Geilleagar, an Dlí agus an tAirgeadas. I gcás comórtais níos speisialaithe, d’fhéadfadh líon níos lú iarratasóirí a bheith ann i ngeall ar an líon blianta taithí oibre is gá chun iarratas a dhéanamh, ach beidh na mílte iarratasóirí ann mar sin féin. Níor cheart drogall a bheith ar iarrthóirí a d’fhéadfadh a bheith ann i ngeall ar an méid sin, áfach. Tá an t-ullmhúchán ríthábhachtach chun torthaí maithe a fháil, agus gheobhaidh tú acmhainní tábhachtacha ar ár suíomh gréasáin chun cuidiú leat ullmhú roimh ré. Seo thíos roinnt naisc úsáideacha:
• Ceanglais incháilitheachta ghinearálta agus shonracha
• An próiseas roghnúcháin
• Trialacha EPSO
• Riachtanais TF agus theicniúla le haghaidh trialacha ar líne le soláthraí nua EPSO
• An méid is ceart agus nach ceart a dhéanamh maidir le trialacha EPSO
• Moltaí fhoireann EPSO
• Ceisteanna coitianta
Tá seans níos fearr ann go n-éireoidh próiseas roghnúcháin leis na hiarrthóirí atá ag obair in institiúidí an Aontais cheana féin.
Sainítear go soiléir i Rialacháin Foirne an Aontais Eorpaigh an creat dlíthiúil chun ár bpróisis roghnúcháin a eagrú. Tá na próisis roghnúcháin ar oscailt do shaoránaigh uile an Aontais Eorpaigh, agus ní dhéantar aon idirdhealú idir iarrthóirí inmheánacha (i.e. daoine atá ag obair cheana féin i státseirbhís an Aontais) agus iarrthóirí seachtracha, toisc gur léir gur chóir mhíchothrom a bheadh i gceist le haon bhuntáiste breise a thabhairt do na hiarrthóirí inmheánacha. Ar aon nós, is trialacha anaithnide iad trialacha EPSO.
Déanann na hiarrthóirí uile trialacha atá comhionann le chéile agus is iad na critéir incháilitheachta chéanna a chuirtear i bhfeidhm maidir le gach iarrthóir. Cé nach dtugtar na ceisteanna céanna d’iarrthóirí sa chomórtas céanna, is ionann leibhéal deacrachta na dtrialacha a dhéanann gach iarrthóir, rud a chinntíonn go gcaitear go comhionann le gach duine. Mar shampla, tá bailíocht agus iontaofacht na gceistneoirí ilrogha deimhnithe le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Thairis sin, dheimhnigh an Chúirt freisin go gcomhlíonann na trialacha sin prionsabal na córa comhionainne.
Tuilleadh eolais faoi bheartas EPSO maidir le cóir chomhionann.
Úsáideann EPSO trialacha scileanna réasúnaíochta ar líne (trialacha réasúnaíochta briathartha, uimhriúla agus teibí) chun an líon iarrthóirí a laghdú.
Is é príomhchuspóir thrialacha scileanna réasúnaíochta EPSO (trialacha réasúnaíochta briathartha, uimhriúla agus teibí) measúnú a dhéanamh ar phríomhinniúlachtaí réasúnaíochta na ndaoine uile ar mian leo a bheith ina n-oifigeach de chuid an Aontais, seachas an líon iarrthóirí a laghdú. Is ar thaighde seanbhunaithe atá na trialacha sin bunaithe agus is iad is fearr chun feidhmíocht poist amach anseo a thuar (i gcomparáid le trialacha eolasbhunaithe amháin). Ag an am céanna, le trialacha ar líne is féidir le EPSO líon suntasach iarrthóirí a thástáil ar bhealach éifeachtúil, rud a thugann níos mó solúbthachta d’iarrthóirí i gcomhréir le saol digitithe an lae inniu. Fágann an méid sin gur ‘glaise’ a bheidh an próiseas tástála ina iomláine agus gur inrochtana a bheidh sé d’fhormhór mór na n-iarrthóirí, cibé áit a bhfuil siad.
Ghnóthaigh mé marc íseal sa triail réasúnaíochta briathartha, in ainneoin gur i mo theanga dhúchais a rinne mé í.
Ní triail teanga atá sa triail réasúnaíochta briathartha, agus mar sin ní hionann marc íseal a ghnóthú sa triail sin agus easpa cumais sa teanga sin. Meastóireacht ar scileanna réasúnaíochta briathartha atá sa triail. Bíonn ról ríthábhachtach ag na trialacha réasúnaíochta sa mheasúnú, óir bíonn an obair laethúil a dhéanann oifigigh an Aontais ag brath go mór ar a gcumas réasúnaíochta agus ar a gcumas eolas casta a thuiscint. Is é bord roghnúcháin gach comórtais a chinneann leibhéil deacrachta na gceistneoirí ilrogha don chomórtas sin agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh an leibhéal a bheith éagsúil ó chomórtas go chéile. Níor chóir marcanna i bpróiseas roghnúcháin amháin a chur i gcomparáid le marcanna i bpróiseas roghnúcháin eile, mar sin.
Tá caighdeán an aistriúcháin ar mhíreanna na dtrialacha níos fearr i dteangacha áirithe ná i dteangacha eile.
Is aistritheoirí gairmiúla in institiúidí an Aontais Eorpaigh a aistríonn míreanna na dtrialacha ar fad, agus déantar dianrialú cáilíochta orthu sula gcuirtear in úsáid iad. Déantar rialuithe cáilíochta ar mhíreanna na gceistneoirí ilrogha go rialta (teanga ar theanga, ceist ar cheist, etc.) chun teacht ar aon fhadhbanna a d’fhéadfadh a bheith ann agus chun na fadhbanna sin a réiteach dá réir. I gcás míreanna trialacha a gcuireann iarrthóirí ina n-aghaidh, déanann an bord roghnúcháin athbhreithniú orthu agus má dheimhnítear go bhfuil fadhb ann, déantar an mhír sin a neodrú le haghaidh gach iarrthóra dár tugadh an mhír sin, agus bainfear de bhunachar na dtrialacha í ionas nach dtabharfar d’iarrthóirí amach anseo í. An méid sin ráite, is líon míreanna an-bheag go deo atá neodraithe go dtí seo – idir níos lú ná 0.09% agus 0.33% – i gcomparáid leis an líon iomlán míreanna ilrogha atá ar fáil i mbunachar EPSO.
Féach leat roinnt trialacha samplacha i dteangacha éagsúla le haghaidh na bpróifílí éagsúla ar leathanach thrialacha EPSO.
Tuilleadh eolais faoin gcoincheap ‘neodrú míreanna’.
Ní hionann na marcanna a ghnóthaigh mé sa cheistneoir ilrogha ó chomórtas go chéile!
Tá sé sin normálta. Tá sé tábhachtach a thuiscint gurb é bord roghnúcháin gach comórtais a chinneann leibhéil deacrachta na gceistneoirí ilrogha don chomórtas sin agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh an leibhéal a bheith éagsúil ó chomórtas go chéile. Níor chóir marcanna i gcomórtas amháin a chur i gcomparáid le marcanna i gcomórtas eile, mar sin. Cé go bhféadfadh an chuma chéanna a bheith ar roinnt ceisteanna, nó go bhféadfadh na ceisteanna céanna teacht aníos an athuair go fiú, tá breis agus 80,000 ceist ag EPSO ina bhunachar sonraí agus tá sé ar na taiscí míreanna is mó dá leithéid ar domhan, dar le saineolaithe sa réimse. Féadfaidh éagsúlachtaí a bheith sna marcanna ó chomórtas go chéile, mar sin.