Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Tréimhsí oiliúna (próifílí éagsúla) - ESMA

An dáta ónar féidir iarratais a dhéanamh
29/03/2021
An spriocdháta d'iarratais
31/12/2022 - 13:00 (am na Bruiséile)
Áit(eanna): 
Páras (an Fhrainc)

Tá glaonna ginearálta ar léirithe spéise eagraithe ag ESMA le haghaidh tréimhsí oiliúna, gan aon sprioc-am sonrach i dtaca le hiarratais ar na próifílí seo a leanas:

  • Próifílí trasnaí
  • Próifílí dlíthiúla
  • Próifílí maidir le Margaí Airgeadais

Tá sé d’aidhm ag ár gcláir oiliúna taithí agus nochtadh ar leith a thabhairt do chéimithe/d’fhochéimithe ar an gcaoi a bhfeidhmíonn ESMA.

Cuireann na tréimhsí oiliúna, a mhaireann 6-12 mhí, oiliúint fheidhmeach ar fáil in anailís mhargaidh, i staitisticí nó i mbainistíocht sonraí. Tugann siad léargas freisin ar shaincheisteanna coincheapúla agus eimpíreacha maidir le feidhmiú agus comhtháthú an mhargaidh airgeadais, mar aon le rialáil, maoirseacht agus forfheidhmiú san Aontas Eorpach.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach fógraí na bhfolúntas atá ann faoi láthair ar thairseach earcaíochta ESMA.

Cé ar féidir leis iarratas a dhéanamh? Céimithe agus fochéimithe

Fad ama: 6 mhí, ach tá deis ann síneadh breise 6 mhí a chur leis (le haghaidh tréimhse nach faide ná 12 mhí san iomlán)

An tréimhse oiliúna le pá í?

  • €1201.57 (tréimhse oiliúna le haghaidh fochéimithe)
  • €1802.36 (tréimhse oiliúna le haghaidh céimithe)

Dátaí tosaigh: dátaí éagsúla