
Ceanglais theicniúla

Córais oibriúcháin atá comhoiriúnach leis an bhfeidhmchlár tástála:
- Microsoft Windows 10 (ar a laghad)
- Apple OS X 10.13 (ar a laghad)
Tá roinnt cumraíochtaí ann (mar shampla Windows 10 S, Windows faoi ailtireacht ARM nó Meaisíní Fíorúla) nach bhfuil comhoiriúnach leis an bhfeidhmchlár tástála. Nuair a thabharfar cuireadh do na hiarrthóirí a dtrialacha a dhéanamh, beidh siad in ann féachaint ar leathanach gréasáin tiomnaithe sholáthraí na dtrialacha chun eolas níos mionsonraithe a fháil.
Riachtanais theicniúla eile:
- 1 GB de spás saor ar an diosca crua
- Ceangal idirlín (Wi-Fi nó sreangnasctha)
- 4 GB de RAM (ar a laghad) – 8 GB de RAM a mholann soláthraí na dtrialacha
- Ní cheadaítear ach scáileán amháin (scáileán ríomhaire glúine nó monatóir). Ní cheadaítear cumraíochtaí dhá scáileán (e.g. ríomhaire deisce agus dhá mhonatóir leis, nó ríomhaire glúine agus scáileán seachtrach leis). Mar sin féin, féadfaidh tú scáileán seachtrach amháin a cheangal le do ríomhaire glúine trí chábla agus sin a úsáid. Sa chás sin, ní mór duit scáileán an ríomhaire glúine féin a dhíghníomhachtú agus an ríomhaire glúine a choinneáil dúnta. Más é sin an réiteach a roghnaíonn tú, tabhair do d’aire nach mbeidh tú in ann ceamara, méarchlár ná ceap rianaithe comhtháite do ríomhaire glúine a úsáid.
- Cinntigh go bhfuil taifeach do scáileáin ag teacht leis an taifeach atá luaite i dtreoir úsáideora sholáthraí trialacha EPSO.