
Riarthóirí taighde eolaíoch

An bhfuil taithí sa taighde eolaíoch agat? Ar mhaith leat tús a chur le gairmréim idirnáisiúnta laistigh d’fhoireann ilchultúrtha ilchineálach? Dá mba mhaith, léigh leat.
Tá na hinstitiúidí Eorpacha ag lorg riarthóirí taighde eolaíoch. Is le hAirmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh (JRC) den chuid is mó a bheidh na hoifigigh (grád AD 7) a earcófar ag obair. Is i suíomhanna éagsúla de chuid an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde a bheidh formhór na bpost lonnaithe (an Bhruiséil, an Bheilg; Geel, an Bheilg; Karlsruhe, an Ghearmáin; Sevilla, an Spáinn; Ispra, an Iodáil; agus Petten, an Ísiltír).
Cuirimid deiseanna ar fáil d’iarrthóirí a bhfuil speisialtóireacht acu i ndeich réimse éagsúla, mar atá liostaithe thíos. Tabhair do d’aire nach féidir iarratas a dhéanamh ach ar aon réimse amháin.
1. Eolaíochtaí comhshaoil agus aeráide, innealtóireacht agus eacnamaíocht
2. Eolaíocht fuinnimh agus inbhuanaitheacht
3. TFC agus (cibear)s(h)lándáil
4. Anailís ar shonraí, taighde agus feidhmeanna le haghaidh cinnteoireacht fhianaisebhunaithe
5. Taighde agus feidhmeanna san intleacht shaorga, meaisínfhoghlaim, agus córais chasta
6. Feidhmeanna spáis agus teicneolaíochtaí geofhaisnéise
7. Sláinte agus cosaint tomhaltóirí
8. Eolaíocht iompair agus soghluaisteacht inbhuanaithe
9. Eolaíochtaí sóisialta, eacnamaíocha agus polaitiúla
10. Eolaíocht iompraíochta, eacnamaíocht agus oideachas
Tá eolas mionsonraithe faoi dhualgais shonracha an phoist le fáil san fhógra comórtais (féach Iarscríbhinn II – Príomhdhualgais).
Tá eolas mionsonraithe faoi na riachtanais le fáil san fhógra comórtais ar an leathanach iarratais thíos.
Is féidir iarratas a dhéanamh ón 5 Samhain 2024 go dtí an 10 Nollaig 2024, ar 12:00 (meán lae), am na Bruiséile.