Tír amháin, neart buntáistí
Chomh maith leis an ngeilleagar rafar, tá réimse leathan sochar ar fáil do chónaitheoirí Lucsamburg, cuir i gcás:
- Córas slándála sóisialta atá cuimsitheach éifeachtach. San áireamh leis sin tá sochair theaghlaigh ar nós liúntas breithe, saoire mháithreachais agus atharthachta, saoire uchtaithe agus saoire do thuismitheoirí; cúnamh airgeadais le haghaidh cúram leanaí; pinsin; cúnamh oideachais; cabhair airgeadais chun feithicil leictreach nó hibrideach a cheannach, i measc go leor eile.
- Cúram sláinte ardchaighdeáin státmhaoinithe lena dtugtar bunchlúdach leighis do gach saoránach.
- Timpeallacht shábháilte agus oiriúnach do theaghlaigh, rud a bhfuil an-tóir ag an bpobal easaoránach air.
- Córas oideachais ilteangach atá saor in aisce agus á reáchtáil ag an stáit den chuid is mó. Mar chuid den líonra sin tá dhá Scoil Eorpacha le haghaidh pháistí bhaill foirne an Aontais Eorpaigh mar aon le ceithre scoil Eorpacha chreidiúnaithe eile. Ar leibhéal an ardoideachais, tá Ollscoil Lucsamburg ar cheann de na hinstitiúidí acadúla is idirnáisiúnta san Eoraip agus tá mic léinn as thart ar 120 tír ag freastal uirthi.
- An chéad chóras iompair phoiblí saor in aisce ar domhan. Féach conas a thaistealaíonn daoine i Lucsamburg saor in aisce ar an mbus, traein agus tram.