Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Téigh i bpáirt lenár líonra d’eagraíochtaí éagsúlachta agus ionchuimsithe

Picture of various people (gender, ethnicity etc.)

Glao chun comhoibrithe ar gach eagraíocht éagsúlachta agus ionchuimsithe de chuid an Aontais

EPSO – tá do chuidiú de dhíth ar an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne!

 

Creideann foireann EPSO sa chomhionannas agus san éagsúlacht agus déanann siad iad a chur chun cinn ar bhonn gníomhach i ngach ceann dá bpróisis roghnúcháin.

Tá an fhoireann ar a dícheall, go háirithe, teagmháil a dhéanamh le daoine tréitheacha éagsúla chun ionadaíocht ar éagsúlacht an Aontais Eorpaigh a leathnú i measc iarrthóirí EPSO agus, dá réir sin, in institiúidí an Aontais Eorpaigh chomh maith.

Ba mhaith le EPSO na daoine sin a chur ar an eolas faoi dheiseanna gairme san Aontas Eorpach agus faoina bheartas comhionannais agus éagsúlachta, sin agus iad a spreagadh le smaoineamh ar ghairm in institiúidí nó i ngníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh agus, ar deireadh, iarratas a dhéanamh ar phróisis roghnúcháin EPSO, idir na cinn atá ar siúl faoi láthair agus iad siúd a bheidh ar siúl amach anseo.

Má dhéanann d’eagraíocht (lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha, eagraíochtaí comhionannais, brateagraíochtaí, cumainn, etc.) ionadaíocht do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh ó ghrúpaí ar leith, cuir i gcás grúpaí a bhaineann le heitneacht, gnéaschlaonadh, stádas socheacnamaíoch, míchumas nó grúpa mionlaigh ar bith eile, ba mhór ag EPSO do chabhair agus do chomhar chun teagmháil a dhéanamh leo.

 

Cén chaoi? Tá sé simplí – téigh i bpáirt lenár líonra!

Trí dhul i bpáirt lenár líonra (bunachar sonraí) d’eagraíochtaí éagsúlachta agus ionchuimsithe atá bunaithe san Aontas, is féidir leat cabhrú chun gairmeacha san Aontas a chur chun cinn i measc do chuid ball.

Féadfaidh EPSO eolas a thabhairt duit go rialta agus go tráthúil faoi dheiseanna fostaíochta in institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais, chomh maith le próisis roghnúcháin EPSO atá beartaithe nó atá ar siúl faoi láthair, eolas a fhéadfaidh tú a chomhroinnt le do bhaill.

 

An bhfuil suim agat ann?

Más ionadaí thú d’eagraíocht atá lonnaithe san Aontas, líon isteach an fhoirm seo agus tabhair tuilleadh eolais dúinn faoi d’eagraíocht agus faoin gcineál comhoibrithe is mian leat a dhéanamh le EPSO.

Tá EPSO ag súil le bheith ag obair i gcomhar leat chun deiseanna níos fearr a chinntiú do na saoránaigh uile den Aontas Eorpach.

 

Tuilleadh eolais

Tá tuilleadh eolais faoi bheartas EPSO maidir le comhionannas agus éagsúlacht le fáil ar ár leathanach gréasáin i ndáil le ‘Comhionannas deiseanna, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú’.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ach ríomhphost a chur chuig EPSO-equality-diversity@ec.europa.eu.

 

An ionadaí thú do dhaoine faoi mhíchumas?

Tá tuilleadh eolais faoi mhíchumas agus faoi shocruithe speisialta sna trialacha roghnúcháin le fáil ar ár leathanach gréasáin maidir le comhionannas deiseanna, mar aon le teistiméireachtaí ó oifigigh de chuid an Aontais atá ag obair in institiúidí an Aontais Eorpaigh, físeán, bileog céim ar chéim agus lámhleabhar maidir le conas socruithe speisialta sna trialacha roghnúcháin a iarraidh agus forléargas ar na socruithe a d’fhéadfadh a bheith ann sna trialacha roghnúcháin.

Má tá tuilleadh eolais uait faoi riachtanais shonracha, míchumas nó socruithe speisialta, seol ríomhphost chuig EPSO-accessibility@ec.europa.eu.