Bainistíocht Tionscadal/Clár
Faoin bpróifíl ‘Bainistiú Tionscadal/Clár’, is féidir go n‑earcófar thú i nGrúpaí Feidhme III agus IV agus go ndéanfaidh tú réimse leathan cúraimí. Mar shampla:
Má earcaítear thú i nGrúpa Feidhme III, is féidir go mbeidh sé de chúram ort plé le pleanáil, monatóireacht, meastóireacht agus dúnadh tionscadal agus clár; cúraimí a dhéanamh a bhaineann le cumarsáid sheachtrach agus faisnéis don phobal, agus cúraimí nach iad.
Má earcaítear thú i nGrúpa Feidhme IV, is féidir go mbeidh sé de chúram ort glaonna ar thograí agus ar thairiscintí a chur chun cinn, a mheasúnú agus a chaibidliú; pleanáil, monatóireacht, meastóireacht agus dúnadh tionscadal agus clár a dhéanamh; a bheith páirteach i gcumarsáid inmheánach agus i gcumarsáid sheachtrach, agus cúraimí nach iad.
Tá tuilleadh eolas le fáil ach cliceáil ar an gcnaipe thíos.