Gnóthaí Polaitíochta/Beartais an Aontais Eorpaigh:
Faoin bpróifíl ‘Gnóthaí Polaitíochta/Beartais an Aontais Eorpaigh’, is féidir go n-earcófar thú i nGrúpaí Feidhme III agus IV agus go ndéanfaidh tú réimse leathan cúraimí. Mar shampla:
Má earcaítear thú i nGrúpa Feidhme III, is féidir go mbeidh sé de chúram ort obair leantach a dhéanamh ar fhorbairtí beartais; tuarascálacha nó nótaí labhartha faoi chomhaid bheartais a cheapadh; ceisteanna parlaiminte a phlé. Lena chois sin, is féidir go mbeidh sé de chúram ort a bheith páirteach in ullmhú cruinnithe le páirtithe leasmhara agus conclúidí beartais a dhréachtú; go ndéanfaidh tú ionadaíocht don institiúid nó don Ard-Stiúrthóireacht ag cruinnithe, faoi mhaoirseacht an Chinn Aonaid nó an oifigigh beartas.
Má earcaítear thú i nGrúpa Feidhme IV, is féidir go mbeidh sé de chúram ort monatóireacht agus tuairisciú a dhéanamh ar an staid pholaitiúil, eacnamaíoch agus shóisialta i dtír ar leith; a bheith páirteach in ullmhú cuairteanna agus misean ardleibhéil le tríú tíortha agus leis an tsochaí shibhialta; a bheith páirteach i gcruinnithe idirnáisiúnta agus i gcaibidliú comhaontuithe idirnáisiúnta. Lena chois sin, is féidir go mbeidh sé de chúram ort páipéir bheartais a scríobh faoin réimse a sannadh agus ceisteanna ó Chomhaltaí de Pharlaimint na hEorpa (feisirí Eorpacha) a fhreagairt.
Tá tuilleadh eolas le fáil ach cliceáil ar an gcnaipe thíos.
Tús a chur leis – An phróifíl ‘Gnóthaí Polaitíochta/Beartais an Aontais Eorpaigh’