Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Oibríochtaí slándála, an tslándáil réigiúnach san áireamh

Le linn na n-oibríochtaí slándála, lena n-áirítear an phróifíl slándála réigiúnach, is féidir go n-earcófar thú i nGrúpa Feidhme III nó IV agus go ndéanfaidh tú réimse leathan dualgas. Mar shampla:
 

Más i nGrúpa Feidhme III a earcófar thú, is féidir go mbeidh tú ag rannchuidiú le beartais slándála a cheapadh agus a fhorbairt agus leis na treoirlínte is gá a cheapadh agus a fhorbairt chun na beartais sin a chur chun feidhme; ag ullmhú agus ag éascú cinnteoireacht bhainistiúil agus nó/oibríochtúil i réimse freagrachta na roinne; ag riaradh agus ag stiúradh tionscadail shonracha.

Más i nGrúpa Feidhme IV a earcófar thú, is féidir go mbeidh tú ag rannchuidiú leis an bhfreagairt éigeandála i gcásanna a d’fhéadfadh slándáil daoine, sócmhainní nó faisnéise a chur i mbaol; ag bailiú, ag eagrú agus ag anailísiú faisnéise ar bhonn foinsí oscailte, bunachair sonraí agus uirlisí eile TF; ag déanamh measúnú ar bhagairtí agus anailís riosca i réimse na slándála, agus ag dréachtú moltaí agus ag cur bearta slándála chun feidhme ina measc sin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ach cliceáil ar an gcnaipe thíos.

Cuir tús leis – Próifíl oibríochtaí slándála, an tslándáil réigiúnach san áireamh