Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

An tAgallamh suíomhúil ar bhonn inniúlachtaí (SCBI)

Má chliceálann tú ar an gcnaipe/na cnaipí thíos, féadfaidh tú teacht ar an tasc le haghaidh an ‘Agallaimh shuíomhúil ar bhonn inniúlachtaí (SCBI)’ ar cuid é den ionad measúnaithe cianda den chomórtas/de na comórtais dá dtagraítear.

Tá cur síos sa tasc ar an gcás oibre dá dtagróidh an t-agallamh suíomhúil ar bhonn inniúlachtaí (SCBI). Iarraimid ort an tasc ar líne a léamh chun ullmhú don chleachtadh.

An cás a ndéantar cur síos air sa tasc, déanfar é a phlé le linn an agallaimh, mar aon le cásanna breise nach bhfuil bunaithe ar an tasc.

Ar lá an agallaimh, is féidir leat breathnú ar na nótaí a ullmhaíodh roimh ré le linn an agallaimh. Mar sin féin, ní féidir leat d’agallamh a thaifeadadh ná nótaí breise a ghlacadh. Chomh maith leis sin, tabhair do d’aire nach mbeidh aon am ullmhúcháin ann ar lá an agallaimh féin.

Reáchtáiltear an SCBI go cianda trí uirlis físchomhdhála. 

Má tá eolas uait ar na trialacha uile a bheidh le déanamh i bpróiseas roghnúcháin ar leith, féach an fógra comórtais nó an glao ar léiriú spéise.

Uimhir: 
EPSO/AD/391/21 - 1, EPSO/AD/391/21 - 2