Tuiscint a chur ar an mbrí atá le ‘logánú’ i dtaca le haistriúchán
San fhógra comórtais le haghaidh an chomórtais EPSO d’aistritheoirí atá ar siúl faoi láthair, tagraítear don mhéid seo a leanas maidir leis an triail aistriúcháin (pointe tagartha 4.3.(e)(i)):
“Sa triail aistriúcháin, triail ina bhfuil gnéithe áirithe den logánú, iarrfar ar iarrthóirí téacs a aistriú ó theanga 2 go teanga 1.”
I bhfianaise na gceisteanna a fuarthas ó iarrthóirí an chomórtais seo, ba mhaith le EPSO soiléiriú breise a thabhairt ar an mbrí atá le ‘logánú’ i gcomhthéacs an aistriúcháin:
“An cumas teachtaireacht atá sa bhuntéacs a chur in iúl ar bhealach cruinn nádúrtha, teanga shoiléir a úsáid chomh maith leis an tsainréim theanga iomchuí, agus gnéithe, impleachtaí agus gnásanna éagsúla a bhaineann le teanga, cultúr, cúrsaí teicniúla agus cúrsaí geografacha a chur san áireamh, chomh maith le riachtanais an spriocphobail.”