Tá cosc ar aon duine nach ball den bhord roghnúcháin é iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le ball den bhord roghnúcháin.
Iarrthóirí atá ag feidhmiú a gceart chun achomhairc atá oscailte dóibh, féadfaidh siad a n-aighneachtaí a chur faoi bhráid chathaoirleach an bhoird roghnúcháin. Ní mór dóibh sin a dhéanamh trí bhealaí cumarsáide foirmiúla EPSO agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha amach sna Rialacha Ginearálta maidir le comórtais oscailte.
Is faoi rún a dhéanann gach bord roghnúcháin a chuid oibre agus plé.