Príomhstruchtúr na samhla nua
Trialacha réasúnaíochta briathartha, uimhriúla agus teibí
Beidh na trialacha réasúnaíochta briathartha, uimhriúla agus teibí fós ina gcuid de na próisis roghnúcháin. Go hiondúil, ní dhéanfar na torthaí a rangú agus ní bheidh ag teastáil ón iarrthóir ach pasmharc. Féadfar ualú éagsúil a thabhairt do gach ceann de na trí scil sin faoi leith, de réir na próifíle atá le roghnú.
Triail eolais faoin Aontas Eorpach i gcás na gcomórtas ginearálta
Ceistneoir ilrogha faoin réimse lena mbaineann i gcás na gcomórtas do speisialtóirí
Sa triail eolais faoin Aontas Eorpach, mar shampla, díreofar ar cheisteanna tábhachtacha ábhartha a bhaineann le feidhmiú an Aontais, lena bheartais agus lena nósanna imeachta.
Beidh deis ag na hiarrthóirí breathnú ar na foinsí ar líne a úsáidtear chun an triail sin a chruthú, rud a fhágfaidh go mbeidh sé inrochtana fiú dóibh siúd nach ndearna staidéar ar ghnóthaí an Aontais san ollscoil nó nach raibh ag obair sa réimse sin roimhe. Foilseofar na hábhair fhoinseacha a úsáidfear chun an triail sin a chruthú an t-am céanna a fhoilseofar an fógra comórtais.
Ní fhoilseoidh EPSO aon ábhar foinseach le haghaidh an cheistneora ilrogha a bhaineann leis an réimse i gcás na gcomórtas do speisialtóirí.
Cás-staidéar
Beidh cás-staidéar san áireamh i roinnt comórtas chun scileanna cumarsáide scríofa (i.e. scileanna dréachtaithe) na n-iarrthóirí a mheas.
Triail scríofa
Agus EPSO ag bogadh i dtreo córas iomlán 24 theanga, tabharfaidh sé cineál nua trialach isteach ina phróisis roghnúcháin amhail ó 2024: an triail scríofa, darb aidhm measúnú a dhéanamh ar scileanna cumarsáide scríofa na n-iarrthóirí. Tiocfaidh an triail scríofa in ionad an chás-staidéir*.
Faoin téarma ‘triail scríofa’, tá trí chineál éagsúla trialacha ann a mbainfidh EPSO úsáid astu de réir na riachtanas a chuirfidh na seirbhísí earcaíochta in iúl le haghaidh gach comórtais:
- Triail scríofa a bhaineann le réimse/réimsí an chomórtais, lena ndéantar measúnú ar scileanna cumarsáide scríofa agus na scileanna sin amháin.
- Triail scríofa réimse-shonrach lena ndéantar measúnú ar scileanna cumarsáide scríofa agus ar eolas an iarrthóra i réimse ábhartha an chomórtais.
- Aiste shaorthéacs ar chúrsaí an Aontais Eorpaigh, lena ndéantar measúnú ar scileanna cumarsáide scríofa agus na scileanna sin amháin.
Beidh ar na hiarrthóirí freagra a thabhairt ar thasc nó ar thascanna na trialach bunaithe ar na doiciméid a chuireann EPSO ar fáil agus a bhaineann le réimse/réimsí an chomórtais, mar a shonraítear san fhógra comórtais.
Ní triail teanga atá sa triail scríofa. Déanfar measúnú ar iarrthóirí ar bhonn na n-ancairí sonracha atá liostaithe thíos (is éard is ‘ancairí’ ann na gnéithe a chuireann na marcálaithe trialacha, i.e. na measúnóirí, san áireamh agus measúnú á dhéanamh acu ar inniúlacht ar leith).
‘Ancairí’ le haghaidh scileanna cumarsáide scríofa:
Déanann an t-iarrthóir an méid seo a leanas:
- Scríobhann sé go hachomair gan focail agus abairtí a úsáid nach bhfuil gá leo.
- Cuireann sé ábhar i láthair ar bhealach intuigthe.
- Déanann sé a chuid scríbhneoireachta a oiriúnú dóibh siúd ar a bhfuil sé ag díriú agus don chuspóir atá beartaithe.
- Úsáideann sé an t-eolas a chuirtear ar fáil chun déileáil leis an tasc.
- Déanann sé an chumarsáid scríofa a struchtúrú le sreabhadh loighciúil smaointe.
*Leanfar de na cás-staidéir a úsáid le haghaidh roinnt comórtas atá ar siúl cheana féin.
Triail scileanna digiteacha
Tabharfar isteach triail scileanna digiteacha i gcomórtais áirithe, i gcomhréir le riachtanais na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí den Aontas Eorpach a bhfreastalaíonn EPSO orthu.