Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Dlítheangeolaithe/athbhreithneoirí dlí le haghaidh DA, DE, EN, ET, HR, NL, RO agus SL

picture of a laptop

An dlíodóir ilteangach thú, agus an spéis leat tús a chur le gairmréim idirnáisiúnta?

Tá institiúidí an Aontais Eorpaigh ag lorg dlítheangeolaithe/athbhreithneoirí dlí ardcháilithe sna teangacha seo a leanas: Danmhairgis (DA), Gearmáinis (DE), Béarla (EN), Eastóinis (ET), Cróitis (HR), Ollainnis (NL), Rómáinis (RO), Slóivéinis (SL). Is i bParlaimint na hEorpa, i gComhairle an Aontais Eorpaigh agus sa Choimisiún Eorpach a bheidh na hoifigigh (grád AD 7) a earcófar ag obair. Is le hocht gcomórtas a bhaineann an fógra seo. Ní féidir le hiarrthóir iarratas a dhéanamh ach ar aon cheann amháin acu.

I do cháil mar dhlítheangeolaí/athbhreithneoir dlí, ní mór duit a bheith in ann athbhreithniú a dhéanamh, i dteanga an chomórtais, ar aistriúcháin ar théacsanna dlí de chuid an Aontais ó dhá theanga eile ar a laghad, agus comhairle a thabhairt i dtaobh reachtaíocht a dhréachtú chun a chinntiú go ndéanfar gníomhartha dlí de chuid an Aontais a dhréachtú ar ardchaighdeán.

I do cháil mar dhlítheangeolaí (i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle), d’fhéadfadh sé go n-iarrfaí ort comhairle maidir le nósanna imeachta, dréachtú agus comhairle dhlíthiúil a chur ar fáil; leasuithe ar thograí le haghaidh gníomhartha reachtacha a dhréachtú agus dréachtú na leasuithe sin a sheiceáil; agus a sheiceáil an bhfuil na téacsanna reachtacha (a aistríodh cheana) i dteanga an chomórtais comhsheasmhach le leaganacha teanga eile de na téacsanna.

I do cháil mar athbhreithneoir dlí (sa Choimisiún Eorpach), cuirfidh tú comhairle dlí ar fáil don Choimisiún agus dá sheirbhísí maidir le dréachtú na reachtaíochta, agus tograí reachtacha agus gníomhartha ón gCoimisiún á bhforbairt. Ina theannta sin, seiceálfaidh tú an bhfuil na tograí reachtacha agus gníomhartha ón gCoimisiún (a aistríodh agus a athbhreithníodh cheana) i dteanga an chomórtais comhsheasmhach le leaganacha teanga eile de na téacsanna.