Tréimhsí oiliúna in institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh
Tugann tréimhsí oiliúna an Aontais Eorpaigh deis ar leith do chéimithe taithí phraiticiúil a fháil in institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh. Is iondúil go maireann na cláir oiliúna cúig mhí agus tá pá ag gabháil leo, mar atá liúntas míosúil thart ar €1,400, ag brath ar an institiúid.
Cuireann oiliúnaithe le tionscadail ar fud réimsí éagsúla, ón riarachán poiblí, an dlí agus an chibearshlándáil go dtí an claochlú digiteach, an tsláinte, beartas maidir leis an aeráid, an eacnamaíocht, an t-aistriúchán, an chumarsáid agus acmhainní daonna. Faigheann siad léargas praiticiúil ar chinnteoireacht an Aontais, forbraíonn siad scileanna gairmiúla, agus oibríonn siad ar bheartais a mhúnlaíonn saol na milliún daoine i dtimpeallacht ilchultúrtha dhinimiciúil.
Bainistíonn gach institiúid de chuid an Aontais a nósanna imeachta roghnúcháin agus earcaíochta féin.
Féach leat na deiseanna oiliúna atá ar fáil trí roghnú ó institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí éagsúla de chuid an Aontais thíos.
Start typing to search or select from the list.
EUIPO – Gairmithe Óga
Tá sé d’aidhm ag an tréimhse oiliúna seo taithí phraiticiúil a thabhairt do ghairmithe óga ar an Aontas Eorpach i gcoitinne agus ar an Oifig Maoine Intleachtúla go háirithe, agus ina theannta sin deis a thabhairt dóibh úsáid phraiticiúil a bhaint as an eolas a fuair siad le linn a staidéir agus ag tosú amach sa saol oibre, go háirithe sna sainréimsí inniúlachta a roghnaigh siad.
Cé atá incháilithe? Náisiúnaigh de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh nó de thíortha nach Ballstáit iad, a bhfuil bunchúrsa ardoideachais ar a laghad críochnaithe acu, agus teastas oifigiúil ón ollscoil á dheimhniú sin, agus atá in ann a bheith ag obair i gceann amháin de na cúig theanga oibre atá ag an Oifig (Béarla, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis agus Spáinnis).
Fad ama: 12 mhí agus 2 sheachtain
Pá: Is tréimhse oiliúna ar pá é seo
Dátaí tosaigh: Idir an 1 Meán Fómhair agus an 15 Deireadh Fómhair
More information: https://euipo.europa.eu/ohimportal/en/traineeshipsEUIPO – Fostaithe Sóisearacha Maoine Intleachtúla
Cuireann an Oifig tréimhsí oiliúna ar fáil, a bhfuil deontas le fáil ina leith, do bhaill foirne shóisearacha ó oifigí maoine tionsclaíche náisiúnta agus idirnáisiúnta. Sna socrúcháin seo tugtar oiliúint theicniúil ar réimsí sonracha den riarachán ar mhaoin intleachtúil, le béim faoi leith ar thrádmharcanna agus dearaí. Tugtar deis le foghlaim faoi sheirbhísí EUIPO don chlárú ar líne, breathnóireacht a dhéanamh ar theicnící agus straitéisí bainistíochta agus tuiscint a fháil ar bhunachair sonraí agus eolas teicniúil EUIPO. Oibríonn oiliúnaithe i réimse sonracha saineolais eile freisin, acmhainní daonna, cumarsáid nó teicneolaíocht faisnéise mar shampla.
Cé atá incháilithe? Náisiúnaigh de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh nó de thíortha nach Ballstáit iad, a bhfuil bunchúrsa ardoideachais ar a laghad críochnaithe acu, agus teastas oifigiúil ón ollscoil á dheimhniú sin, agus atá in ann a bheith ag obair i gceann amháin de na cúig theanga oibre atá ag an Oifig (Béarla, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis agus Spáinnis).
Fad ama: 5 mhí
Pá: Is tréimhse oiliúna ar pá é seo
Dátaí tosaigh: Níl aon dáta tosaigh ar leith leagtha síos
More information: https://euipo.europa.eu/ohimportal/en/traineeshipsEUIPO – Tréimhsí oiliúna gan íocaíocht
Tá na tréimhsí oiliúna seo dírithe ar chéimithe ollscoile a bhfuil taithí éigin acu ar réimsí oibre na hOifige, a fuair siad le linn dóibh a bheith in mbun staidéir nó ar shlí eile.
Cé atá incháilithe? Náisiúnaigh de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh nó de thíortha nach Ballstáit iad, a bhfuil bunchúrsa ardoideachais ar a laghad críochnaithe acu, agus teastas oifigiúil ón ollscoil á dheimhniú sin, agus atá in ann a bheith ag obair i gceann amháin de na cúig theanga oibre atá ag an Oifig (Béarla, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis agus Spáinnis).
Fad ama: 2-6 mhí
Pá: Ní tréimhse oiliúna ar pá é seo
Dátaí tosaigh: Níl aon dáta tosaigh ar leith leagtha síos
More information: https://euipo.europa.eu/ohimportal/en/traineeships(EASA) An Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta
Tairgeann an Ghníomhaireacht tréimhsí oiliúna sna réimsí ar fad a mbíonn an sí ag plé leo, do chéimithe úrnua agus do mhic léinn ollscoile araon. Is é is aidhm dó sin caoi a thabhairt do na hoiliúnaithe ar eolas a chur ar an nGníomhaireacht agus ar an ról atá aici san obair a dhéanann an tAontas Eorpach.
Cé atá incháilithe? Náisiúnaigh de cheann de Bhallstáit EASA agus náisiúnaigh de thír a bhfuil stádas breathnóra aici ar Bhord Bainistíochta EASA agus a bhfuil baint ag an gcúlra atá acu leis an obair a dhéanann an Ghníomhaireacht.
Fad ama: 12 mhí
Pá: Is tréimhse oiliúna ar pá é seo.
Dátaí tosaigh: Níl aon dáta tosaigh ar leith leagtha síos.
More information: https://www.easa.europa.eu/the-agency/careers-working-for-us/traineeships-and-s…An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
Tugann EDPS deis do chéimithe nua an t-eolas a shealbhaigh siad agus iad i mbun staidéir a chur chun úsáide, go háirithe sna réimsí saineolais atá acu. Tugann na tréimhsí oiliúna caoi d’oiliúnaithe taithí phraiticiúil a fháil ar an obair a dhéanann EDPS ó lá go chéile agus ar chosaint sonraí go ginearálta.
Cé atá incháilithe? Náisiúnaigh de Bhallstát den Aontas Eorpach a bhfuil bunchúrsa tríú leibhéal déanta acu (trí bliana d’oideachas ollscoile) agus céim iomlán nó a cothrom bainte amach acu dá bharr.
Fad ama: 5 mhí
Pá: Is tréimhse oiliúna ar pá é seo. Tuairim agus €950 sa mhí an pá.
Dátaí tosaigh: 1 Márta agus 1 Deireadh Fómhair
More information: https://edps.europa.eu/about-edps/recruitment_en#traineeshipTréimhsí oiliúna
Tairgeann an tOmbudsman Eorpach tréimhsí oiliúna do chéimithe ollscoile agus do chéimithe ardoideachais a bhfuil suim mhór acu i riarachán poiblí an Aontais Eorpaigh agus, go háirithe, sa dóigh a bhfeidhmíonn riarachán an Aontais i dtaca leis na saoránaigh.
Tá na tréimhsí oiliúna ceaptha taithí phraiticiúil ar obair an Ombudsman Eorpaigh a thabhairt do chéimithe nua agus deis a thabhairt dóibh cur leis an eolas agus leis na scileanna a shealbhaigh siad le linn a gcúrsa staidéir. Bíonn cúraimí éagsúla le déanamh ag oiliúnaithe, de réir an tsaghais tréimhse oiliúna atá á cur isteach acu, cuir i gcás, gearáin a láimhseáil, cúnamh a thabhairt i réimse na meán agus na cumarsáide, páirt a ghlacadh i dtionscadail teicneolaíochta faisnéise nó i dtaighde a bhaineann le hobair an Ombudsman. Is iondúil gur faoi mhaoirseacht oifigeach nó gníomhaire ar leibhéal Cinn Aonaid nó a chothrom in oifig an Ombudsman Eorpaigh a bhíonn oiliúnaithe ag obair.
Cé atá incháilithe? Náisiúnaigh de Bhallstát den Aontas Eorpach agus de thír is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas Eorpach, a bhain céim nó dioplóma amach de bharr cúrsa staidéir trí bliana ar a laghad, i gceann de na disciplíní a fhoráiltear san fhógra don chúrsa oiliúna.
Fad ama: 1 bhliain amháin ar a mhéad (ag brath ar an bhfeidhmíocht).
Pá? Is tréimhse oiliúna ar pá é seo. Tuairim is €1,300 sa mhí an pá sa Bhruiséil agus tuairim is €1,600 sa mhí an pá in Strasbourg.
Dátaí tosaigh: 1 Eanáir agus 1 Meán Fómhair.
More information: https://www.ombudsman.europa.eu/en/office/careersTréimhsí oiliúna
Is iad cuspóirí na dtréimhsí oiliúna ná taithí oibre a thabhairt do na hoiliúnaithe ar an gcaoi a gcomhordaítear comhar i réimse an oideachais agus na hoiliúna, léargas a thabhairt dóibh ar chuspóirí agus gníomhaíochtaí na Fondúireachta agus deis a thabhairt dóibh an méid atá foghlamtha acu a chur chun úsáide go praiticiúil.
Cé atá incháilithe? Saoránaigh de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus saoránaigh de thíortha atá ina gcomhpháirtithe ag ETF.
Fad ama: 3-6 mhí
Pá: Is tréimhse oiliúna ar pá é seo
Dátaí tosaigh: Níl aon dáta tosaigh ar leith leagtha síos
More information: https://www.etf.europa.eu/en/about/recruitmentInterpreting Traineeships - Court of Justice of the European Union
Interpreting traineeships are primarily aimed at newly qualified conference interpreters whose language combination is of interest to the Interpretation Directorate. The aim is to enable newly qualified interpreters to be supervised as they perfect their interpreting skills, particularly in legal interpreting, which involves the preparation of case-files, terminological research and practical exercises in a ‘silent booth'.
Who can apply: Newly qualified EU nationals conference interpreters with a diploma in conference interpreting.
Applicants must have at least two passive EU languages or a second active EU language. Applicants must also be able to read French.
Also, applicants must have not already held a post or undertaken a traineeship – either paid or unpaid – lasting more than six weeks in an EU institution or body
Duration: 10-12 weeks (applications to be made once a year between July and September).
Paid: Yes. The same as the general program.
To apply, check the eligibility criteria and find out about the precise application deadlines, visit: EU CV Online.
More information: https://curia.europa.eu/site/jcms/d2_5152/en/traineeshipsAn tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí
Tá nós seanbhunaithe in institiúidí an Aontais Eorpaigh deiseanna oiliúna a thairiscint i dToscaireachtaí an Aontais ar fud an domhain. Is le haghaidh mic léinn agus céimithe óga go háirithe atá na tréimhsí oiliúna sin ann. Tionscadal oideachais is ea an tréimhse oiliúna agus níl an Toscaireacht faoi aon oibleagáid chonarthach ná fostaíochta dá thoradh.
Cé atá incháilithe: Is féidir le saoránaigh den Aontas Eorpach, saoránaigh de thíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas Eorpach a bhfuil an chaibidlíocht faoina dteacht isteach tugtha chun críche acu, agus náisiúnaigh den tír ina bhfuil an Toscaireacht lonnaithe, iarratas a dhéanamh ar thréimhse oiliúna sa Toscaireacht, de réir an réimse atá i gceist. I gcás tréimhsí oiliúna ar pá, ní mór d'iarrthóirí céim ollscoile (céim bhaitsiléara ar a laghad) nó a cothrom ó institiúid ardoideachais a bheith bainte amach acu. I gcás tréimhsí oiliúna gan phá, ar cuid éigeantach den chúrsa léinn iad, is mic léinn den tríú, den cheathrú nó den chúigiú bliain de chúrsa ollscoile nó de chúrsa institiúide ardoideachais eile atá incháilithe. Ní mór teanga oibre na Toscaireachta a bheith ag na hiarrthóirí agus ba bhuntáiste eolas a bheith acu ar theanga oifigiúil na tíre ina bhfuil an Toscaireacht lonnaithe.
Tréimhse: 6 mhí ar a mhéad
Tréimhse oiliúna ar pá: i gcás céimithe óga a bhfuil níos lú ná bliain amháin de thaithí oibre acu.
Tréimhse oiliúna gan phá ar cuid éigeantach den chúrsa léinn í: i gcás mic léinn atá ina gcónaí agus ag staidéar cheana féin sa tír ina bhfuil an Toscaireacht.
Traineeships - Court of Justice of the European Union
Every year, the Court of Justice of the European Union offers a limited number of paid traineeships in the chambers of Members of the Court of Justice and the General Court of the European Union and in the administrative departments of the Court.
Traineeships at the Court of Justice of the European Union are offered across a wide range of administrative and support services. These include directorates responsible for human resources, budget and financial affairs, buildings and security, multilingualism (legal translation and interpretation), library services, research and documentation, communication, protocol and visits, and information technology, as well as units such as projects and terminological coordination. Opportunities are also available within the office of the Legal Adviser on Administrative Matters and the registries of both the Court of Justice and the General Court.
Who can apply: EU nationals who have obtained a three-year bachelor's degree in any subject.
For the traineeships undertaken in the chambers of Judges or Advocates Generals and for certain services, a diploma in law, political sciences, (economics or an associated field is required.
Applicants must have a thorough knowledge of one official language of the European Union and a good knowledge of another official language. In view of the nature of the working environment, a good knowledge of French or English is necessary.
Also, applicants must have not already held a post or undertaken a traineeship – either paid or unpaid – lasting more than six weeks in an EU institution or body
Duration: 5 months.
Paid: Yes. Trainees receive a grant of approximately €2 400 per month (equivalent to 75% of the minimum social wage for a skilled worker in Luxembourg). This grant is not subject to the tax regime applicable to EU officials and other agents.
Under certain conditions, trainees will receive a one-time travel allowance, currently set at €150.
Starting Dates:
- 1st of March to 31st of July (applications to be made between July and September of the previous year)
- 1st of October to the end of February (applications to be made between February and April of each year)
To apply, check the eligibility criteria and find out about the precise application deadlines, visit: EU CV Online.
More information: https://curia.europa.eu/site/jcms/d2_5152/en/traineeships