Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Tréimhsí oiliúna in institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh

Picture of the big group of all trainees

Tugann tréimhsí oiliúna an Aontais Eorpaigh deis ar leith do chéimithe taithí phraiticiúil a fháil in institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh. Is iondúil go maireann na cláir oiliúna cúig mhí agus tá pá ag gabháil leo, mar atá liúntas míosúil thart ar €1,400, ag brath ar an institiúid.

Cuireann oiliúnaithe le tionscadail ar fud réimsí éagsúla, ón riarachán poiblí, an dlí agus an chibearshlándáil go dtí an claochlú digiteach, an tsláinte, beartas maidir leis an aeráid, an eacnamaíocht, an t-aistriúchán, an chumarsáid agus acmhainní daonna. Faigheann siad léargas praiticiúil ar chinnteoireacht an Aontais, forbraíonn siad scileanna gairmiúla, agus oibríonn siad ar bheartais a mhúnlaíonn saol na milliún daoine i dtimpeallacht ilchultúrtha dhinimiciúil.

Bainistíonn gach institiúid de chuid an Aontais a nósanna imeachta roghnúcháin agus earcaíochta féin.


Féach leat na deiseanna oiliúna atá ar fáil trí roghnú ó institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí éagsúla de chuid an Aontais thíos.

Start typing to search or select from the list.

EUIPO – Fostaithe Sóisearacha Maoine Intleachtúla

Location(s): Alicante (An Spáinn)
Institution/Agency: (EUIPO) Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Cuireann an Oifig tréimhsí oiliúna ar fáil, a bhfuil deontas le fáil ina leith, do bhaill foirne shóisearacha ó oifigí maoine tionsclaíche náisiúnta agus idirnáisiúnta. Sna socrúcháin seo tugtar oiliúint theicniúil ar réimsí sonracha den riarachán ar mhaoin intleachtúil, le béim faoi leith ar thrádmharcanna agus dearaí. Tugtar deis le foghlaim faoi sheirbhísí EUIPO don chlárú ar líne, breathnóireacht a dhéanamh ar theicnící agus straitéisí bainistíochta agus tuiscint a fháil ar bhunachair sonraí agus eolas teicniúil EUIPO. Oibríonn oiliúnaithe i réimse sonracha saineolais eile freisin, acmhainní daonna, cumarsáid nó teicneolaíocht faisnéise mar shampla.

Cé atá incháilithe? Náisiúnaigh de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh nó de thíortha nach Ballstáit iad, a bhfuil bunchúrsa ardoideachais ar a laghad críochnaithe acu, agus teastas oifigiúil ón ollscoil á dheimhniú sin, agus atá in ann a bheith ag obair i gceann amháin de na cúig theanga oibre atá ag an Oifig (Béarla, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis agus Spáinnis).

Fad ama: 5 mhí

Pá: Is tréimhse oiliúna ar pá é seo

Dátaí tosaigh: Níl aon dáta tosaigh ar leith leagtha síos


More information: https://euipo.europa.eu/ohimportal/en/traineeships

Tréimhsí oiliúna – Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh (EUDA)

Location(s): Liospóin (an Phortaingéil)
Institution/Agency: (EUDA) Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh

Is é is aidhm do chláir oiliúna EUDA an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • deis a thabhairt do chéimithe óga ollscoile taithí a fháil ar chuspóirí ginearálta agus próiseas an lánpháirtithe Eorpaigh;
  • eolas praiticiúil a thabhairt d’oiliúnaithe faoin gcaoi a n-oibríonn gníomhaireacht Eorpach;
  • a chur ar chumas oiliúnaithe taithí phraiticiúil agus eolas praiticiúil a fháil ar obair laethúil EUDA agus na n-aonad ann;
  • deis a thabhairt d’oiliúnaithe a bheith ag obair i dtimpeallacht éagsúil ilteangach, rud a chuirfidh le forbairt na comhthuisceana, na hiontaoibhe agus na caoinfhulaingthe;
  • a chur ar chumas oiliúnaithe an t-eolas a fuair siad le linn a gcuid staidéir nó a ngairmréimeanna a chur i bhfeidhm.

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh? Céimithe ollscoile ar saoránaigh de Bhallstát den Aontas Eorpach iad, nó ar saoránaigh den Iorua nó den Tuirc iad

Fad tréimhse: 3-8 mí

An tréimhse oiliúna le pá í? Braitheann sé ar an mbuiséad atá ar fáil

Dátaí tosaigh: Leanúnach

Léigh tuilleadh sonraí faoin mbeartas maidir le tréimhsí oiliúna.


More information: https://www.euda.europa.eu/about/jobs_en

Traineeships - ENISA

Location(s): an Aithin (an Ghréig), An Bhruiséil (an Bheilg)
Institution/Agency: (ENISA) An Ghníomhaireacht Eorpach um Chibearshlándáil

Through its traineeship scheme, ENISA benefits from the input of university graduates without excluding those who – in the framework of lifelong learning – have recently obtained a university diploma or are at the beginning of a new professional career.

Who can apply: Nationals of the Member States of the European Union or the European Free Trade Association (EFTA), unless an exception is authorized by the appointing authority, who have completed a university-level education of at least 3 years and obtained a full bachelor’s degree or its equivalent by the closing date for applications and enjoy their full rights as citizens.

Duration: 6-12 months

Paid: Yes. Around 1,500€ per month

Starting Dates: Ongoing

ENISA’s career portal: Careers | ENISA


More information: https://www.enisa.europa.eu/recruitment/working-for-enisa/traineeship

EUIPO – Gairmithe Óga

Location(s): Alicante (An Spáinn)
Institution/Agency: (EUIPO) Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Tá sé d’aidhm ag an tréimhse oiliúna seo taithí phraiticiúil a thabhairt do ghairmithe óga ar an Aontas Eorpach i gcoitinne agus ar an Oifig Maoine Intleachtúla go háirithe, agus ina theannta sin deis a thabhairt dóibh úsáid phraiticiúil a bhaint as an eolas a fuair siad le linn a staidéir agus ag tosú amach sa saol oibre, go háirithe sna sainréimsí inniúlachta a roghnaigh siad.

Cé atá incháilithe? Náisiúnaigh de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh nó de thíortha nach Ballstáit iad, a bhfuil bunchúrsa ardoideachais ar a laghad críochnaithe acu, agus teastas oifigiúil ón ollscoil á dheimhniú sin, agus atá in ann a bheith ag obair i gceann amháin de na cúig theanga oibre atá ag an Oifig (Béarla, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis agus Spáinnis).

Fad ama: 12 mhí agus 2 sheachtain

Pá: Is tréimhse oiliúna ar pá é seo

Dátaí tosaigh: Idir an 1 Meán Fómhair agus an 15 Deireadh Fómhair


More information: https://euipo.europa.eu/ohimportal/en/traineeships

EUIPO – Clár an tSéala Uile-Eorpaigh

Location(s): Alicante (An Spáinn)
Institution/Agency: (EUIPO) Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Tá sé mar aidhm ag an scéim seo taithí phraiticiúil ar an Aontas Eorpach i gcoitinne agus ar an Oifig go háirithe a thabhairt do chéimithe ollscoile óga, taithí nach féidir a fháil aon áit eile. Is deis atá ann dóibh freisin an t-eolas a fuair siad agus iad i mbun staidéir, go háirithe sna sainréimsí inniúlachta a roghnaigh siad, a úsáid go praiticiúil. Chomh maith leis sin, cabhraíonn an scéim leo tuiscint a fháil ar na cuspóirí agus na próisis a bhaineann le trádmharc an Aontais Eorpaigh agus córas dearthóireachta an Chomhphobail, agus ar chúrsaí a bhaineann le sáruithe ar mhaoin intleachtúil agus ar fhorfheidhmiú an dlí sa réimse sin.

Cé atá incháilithe? Náisiúnaigh de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh nó de thíortha nach Ballstáit iad, a bhfuil bunchúrsa ardoideachais ar a laghad críochnaithe acu, agus teastas oifigiúil ón ollscoil á dheimhniú sin, agus atá in ann a bheith ag obair i gceann amháin de na cúig theanga oibre atá ag an Oifig (Béarla, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis agus Spáinnis).

Fad ama: 12 mhí

Pá: Is tréimhse oiliúna ar pá é seo

Dátaí tosaigh: Níl aon dáta tosaigh ar leith leagtha síos


More information: https://euipo.europa.eu/ohimportal/en/traineeships

(EASA) An Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta

Location(s): Köln (an Ghearmáin)
Institution/Agency: (EASA) An Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta

Tairgeann an Ghníomhaireacht tréimhsí oiliúna sna réimsí ar fad a mbíonn an sí ag plé leo, do chéimithe úrnua agus do mhic léinn ollscoile araon. Is é is aidhm dó sin caoi a thabhairt do na hoiliúnaithe ar eolas a chur ar an nGníomhaireacht agus ar an ról atá aici san obair a dhéanann an tAontas Eorpach.

Cé atá incháilithe? Náisiúnaigh de cheann de Bhallstáit EASA agus náisiúnaigh de thír a bhfuil stádas breathnóra aici ar Bhord Bainistíochta EASA agus a bhfuil baint ag an gcúlra atá acu leis an obair a dhéanann an Ghníomhaireacht.

Fad ama: 12 mhí

Pá: Is tréimhse oiliúna ar pá é seo.

Dátaí tosaigh: Níl aon dáta tosaigh ar leith leagtha síos.


More information: https://www.easa.europa.eu/the-agency/careers-working-for-us/traineeships-and-s…

Tréimhsí oiliúna – An Coimisiún Eorpach

Location(s): An Bhruiséil (an Bheilg), An Ghráinsigh (Éire), Lucsamburg (Lucsamburg)
Institution/Agency: An Coimisiún Eorpach

Is féidir le céimithe ollscoile as gach cearn den domhan cur isteach ar chlár oiliúna an Choimisiúin Eorpaigh. Is sa Bhruiséil (an Bheilg), sa Ghráinsigh (Éire), i Lucsamburg (Lucsamburg) agus i ngníomhaireachtaí agus seirbhísí i mBallstáit an Aontais atá na tréimhsí oiliúna ar fáil.

Bíonn tréimhsí oiliúna ar fáil i lear mór réimsí agus deis iontach is ea iad léargas a fháil ar obair an Aontais Eorpaigh. Braitheann a bhfuil i gceist leis an bpost den chuid is mó ar an roinn ina ndéanann an t-oiliúnaí a sheal oiliúna. Mar shampla, d’fhéadfadh na ranna a bheith ag feidhmiú i réimsí dhlí na hiomaíochta, na n-acmhainní daonna, an bheartais comhshaoil, na cumarsáide agus réimse eile nach iad.

Bíonn ar oiliúnaithe na cúraimí céanna a dhéanamh agus a bhíonn ar dhaoine nua-earcaithe. Go praiticiúil, d’fhéadfadh cúraimí éagsúla a bheith i gceist leis sin, mar shampla meithleacha agus cruinnithe a eagrú, eolas agus doiciméid a chur le chéile, tuarascálacha a ullmhú agus ceisteanna a fhreagairt, agus páirt a ghlacadh i gcruinnithe aonaid agus in imeachtaí eile.

Cé a fhéadfaidh iarratas a dhéanamh? Féadfaidh daoine a bhfuil céim in ábhar ar bith acu iarratas a dhéanamh, fad is atá an chéim bainte amach acu cheana (is iondúil gur féidir tras-scríbhinn a chur isteach mura bhfuil an teastas féin faighte go fóill). Níl saoránacht an Aontais éigeantach (cuirtear líon beag áiteanna i leataobh do dhaoine nach saoránaigh den Aontas iad), ach tá eolas ar dhá cheann de theangacha oifigiúla an Aontais ag teastáil. Buntáistí is ea taithí oibre agus oideachas iarchéime, ach ní critéir incháilitheachta iad.

An duine faoi mhíchumas thú atá ag iarraidh taithí oibre luachmhar a fháil in institiúidí an Aontais Eorpaigh? Féach leat tréimhsí oiliúna Blue Book sa Choimisiún Eorpach!

Tá roinnt beart i bhfeidhm ag Oifig Tréimhsí Oiliúna an Choimisiúin Eorpaigh chun tacú le hoiliúnaithe faoi mhíchumas agus cuidiú leo. Tá Oifig na dTréimhsí Oiliúna tiomanta tacú leis na hoiliúnaithe sin go dlúth agus faoi rún iomlán.

Cén fáth ar fiú cur isteach air?

  • Tacaíocht airgeadais: Cuirtear méadú leis an deontas míosúil (suas le 50%), bunaithe ar mheasúnú ar na doiciméid a chuireann tú ar fáil d’Oifig na dTréimhsí Oiliúna (doiciméad tagartha oifigiúil).
  • An t-ionad oibre a oiriúnú: Iarrthóirí a bhfuil socruithe speisialta de dhíth orthu le haghaidh cóiríocht réasúnta (mar gheall ar mhíchumas), is féidir leo leas a bhaint as bearta tiomnaithe. Má tá tú faoi mhíchumas a bhféadfadh socruithe réasúnta a bheith ag teastáil ina leith le linn do thréimhse oiliúna, cuir an méid sin in iúl d’Oifig na dTréimhsí Oiliúna.
  • Tacaíocht agus líonraí: Oibríonn Oifig na dTréimhsí Oiliúna i gcomhar le líonraí foirne an Choimisiúin atá gníomhach i gcúrsaí éagsúlachta agus cuimsithe chun athrú dearfach a bhaint amach tríd an éagsúlacht agus an cuimsiú a chur chun cinn in institiúidí an Aontais. Cuireann na líonraí sin fáilte chroíúil roimh oiliúnaithe páirt a ghlacadh iontu le linn a dtréimhsí oiliúna. Is pointe teagmhála iad d’iarrthóirí ar mhian leo saincheisteanna pearsanta rúnda a phlé a bhaineann leis an éagsúlacht agus leis an gcuimsiú, ar saincheisteanna iad a chuirfeadh bac orthu iarratas a dhéanamh ar an scéim oiliúna. ASDEC: Comhlachas na mBall Foirne faoi Mhíchumas sa Choimisiún Eorpach: EC-STAFF-DISABILITY-ASDEC@ec.europa.eu

Tá an Coimisiún Eorpach lánchinnte go gcuireann an éagsúlacht lena chuid oibre agus, dá bhrí sin, déanann sé a dhícheall a chinntiú go mbraithfidh daoine faoi mhíchumas go bhfuil fáilte rompu agus go dtacaítear leo le linn a dtréimhse oiliúna. Bí i d’intéirneach Blue Book agus glac páirt i bhfoireann chuimsitheach a bhfuil meas aici ar éagsúlacht na tallainne!

Fad tréimhse: 5 mhí

An tréimhse oiliúna le pá í? Is ea. €1,376.89 in aghaidh na míosa (coigeartaithe in aghaidh an tseisiúin).

Dátaí tosaigh: An 1 Márta agus an 1 Deireadh Fómhair.

Foghlaim freisin faoi Chlár na nGairmithe Sóisearacha (JPP)Clár na nGairmithe Sóisearacha (JPP) – An Coimisiún Eorpach (europa.eu)


More information: https://ec.europa.eu/stages/

Interpreting Traineeships - Court of Justice of the European Union

Location(s): Lucsamburg (Lucsamburg)
Institution/Agency: Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Interpreting traineeships are primarily aimed at newly qualified conference interpreters whose language combination is of interest to the Interpretation Directorate. The aim is to enable newly qualified interpreters to be supervised as they perfect their interpreting skills, particularly in legal interpreting, which involves the preparation of case-files, terminological research and practical exercises in a ‘silent booth'.

Who can apply: Newly qualified EU nationals conference interpreters with a diploma in conference interpreting.

Applicants must have at least two passive EU languages or a second active EU language. Applicants must also be able to read French.

Also, applicants must have not already held a post or undertaken a traineeship – either paid or unpaid – lasting more than six weeks in an EU institution or body

Duration: 10-12 weeks (applications to be made once a year between July and September).

Paid: Yes. The same as the general program.

To apply, check the eligibility criteria and find out about the precise application deadlines, visit: EU CV Online.


More information: https://curia.europa.eu/site/jcms/d2_5152/en/traineeships

Traineeships - Court of Justice of the European Union

Location(s): Lucsamburg (Lucsamburg)
Institution/Agency: Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Every year, the Court of Justice of the European Union offers a limited number of paid traineeships in the chambers of Members of the Court of Justice and the General Court of the European Union and in the administrative departments of the Court.

Traineeships at the Court of Justice of the European Union are offered across a wide range of administrative and support services. These include directorates responsible for human resources, budget and financial affairs, buildings and security, multilingualism (legal translation and interpretation), library services, research and documentation, communication, protocol and visits, and information technology, as well as units such as projects and terminological coordination. Opportunities are also available within the office of the Legal Adviser on Administrative Matters and the registries of both the Court of Justice and the General Court.

Who can apply: EU nationals who have obtained a three-year bachelor's degree in any subject

For the traineeships undertaken in the chambers of Judges or Advocates Generals and for certain services, a diploma in law, political sciences, (economics or an associated field is required.

Applicants must have a thorough knowledge of one official language of the European Union and a good knowledge of another official language. In view of the nature of the working environment, a good knowledge of French or English is necessary.

Also, applicants must have not already held a post or undertaken a traineeship – either paid or unpaid – lasting more than six weeks in an EU institution or body

Duration: 5 months.

Paid: Yes. Trainees receive a grant of approximately €2 400 per month (equivalent to 75% of the minimum social wage for a skilled worker in Luxembourg). This grant is not subject to the tax regime applicable to EU officials and other agents.

Under certain conditions, trainees will receive a one-time travel allowance, currently set at €150.

Starting Dates:

  • 1st of March to 31st of July (applications to be made between July and September of the previous year)
  • 1st of October to the end of February (applications to be made between February and April of each year)

To apply, check the eligibility criteria and find out about the precise application deadlines, visit: EU CV Online.


More information: https://curia.europa.eu/site/jcms/d2_5152/en/traineeships

(ERA) An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Location(s): Valenciennes na Fraince
Institution/Agency: (ERA) Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh

Tá sainordú ag Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh deimhnithe sábháilteachta aonair agus údaruithe feithiclí (cineálacha) a eisiúint i roinnt tíortha Eorpacha agus cinnte a dhéanamh de go bhfuil Córas Bainistíochta Tráchta Iarnróid idir-inoibritheach Eorpach i bhfeidhm, mar chuid d’fhorbairt agus de chur chun feidhme an Limistéir Eorpaigh Aonair Iarnróid.

Cé atá incháilithe? Céimithe ollscoile (cúrsa trí bliana ar a laghad), a bhfuil eolas maith acu ar an mBéarla agus ar theanga eile (i gcás náisiúnaigh den Aontas Eorpach caithfidh an teanga sin a bheith ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais).

Fad ama: 10 mí

Pá: Is tréimhse oiliúna ar pá é seo. Tuairim agus €1,500 sa mhí an pá.

Dátaí tosaigh: 1 Meán Fómhair


More information: https://www.era.europa.eu/agency/recruitment/traineeships_en