Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Samhail chomórtais níos tapúla, níos simplí agus níos inrochtana á tabhairt isteach!

On 31 January, EPSO’s governing body, the interinstitutional Management Board, decided to drop oral tests from EPSO’s selection procedures, as part of a fundamental rethink of the current selection process.

Competitions will put greater emphasis on candidates’ qualifications and on a set of written tests, all to be conducted in one testing session. All tests will be done online via remotely proctored testing.

With a ‘competition phase’ based exclusively on written tests, it will be possible for EPSO to strive to reduce competition timelines to just 6 months, and, eventually, less.

Following the competition, the selection board will draw up the reserve list containing the names of the successful candidates. The list is made available to the EU institutions and bodies for recruitment purposes.

The first competition under the new competition model was published on 22 June 2023 (Economics). Regular updates are available on EPSO’s website: Upcoming selection procedures | EU Careers (europa.eu), (we invite you to subscribe to this page to receive notifications).

Tá deireadh leis an ‘ionad measúnaithe’ agus leis na trialacha béil a bhaineann leis, cur chuige a bhí i bhfeidhm ó bhí 2010 ann.

Mar sin féin, déanfar athbhreithniú fós ar inniúlachtaí ginearálta na n-iarrthóirí trí agallaimh tar éis chéim an phainéil, agus is iad seirbhísí earcaíochta na n-institiúidí de chuid an Aontais a bheidh i mbun earcaíochta a dhéanfaidh é sin. Is ag na hinstitiúidí féin fós an rogha maidir leis na daoine a earcófar.
 

Luas: is é an aidhm atá ann na comórtais oscailte a chur i gcrích laistigh de 6 mhí, agus níos gasta ná sin ar deireadh (ón uair a fhoilsítear an fógra go dtí go mbunaítear an painéal).

Éifeachtúlacht: déanfar na trialacha ar fad ar líne, in aon seisiún tástála amháin, agus, mar sin, déanfar in aon lá amháin iad i gcás gach iarrthóra.

Nua-aimsearthacht: bíonn an tástáil ar líne níos gasta agus níos solúbtha agus ar aon dul le saol digitithe an lae inniu, agus bíonn sí níos glaise agus níos inrochtana d’fhormhór mór na n-iarrthóirí, is cuma cén áit ina bhfuil siad.

Trédhearcacht: foilseoidh EPSO na foinsí a úsáidfear chun an triail eolais faoin Aontas Eorpach, a bheidh le húsáid sna comórtais ginearálta, ar líne roimh ré, sa chaoi go mbeidh cothrom na Féinne ann idir na hiarrthóirí.

Cáilíocht: i samhail nua chomórtais EPSO, léireoidh na hiarrthóirí cumais chognaíocha shásúla, agus beidh siad ar na daoine is fearr ó thaobh eolas a bhaineann leis an réimse agus ó thaobh scileanna dréachtaithe/cumarsáide i scríbhinn de. Beidh an dioplóma agus/nó an taithí oibre cheart acu.

Inniúlachtaí soiléireAn creat inniúlachtaí ginearálta a ghlac EPSO i mí Aibreáin 2022, tá sé fós bailí.

Éagsúlacht: le samhail chomórtais níos tapúla, níos simplí agus níos inrochtana, tá sé i gceist ag EPSO iarratais a spreagadh freisin ó réimse iarrthóirí níos éagsúla.

Trialacha réasúnaíochta briathartha, uimhriúla agus teibí

Beidh na trialacha réasúnaíochta briathartha, uimhriúla agus teibí fós ina gcuid de na próisis roghnúcháin. Go hiondúil, ní dhéanfar na torthaí a rangú agus ní bheidh ag teastáil ón iarrthóir ach pasmharc. Féadfar ualú éagsúil a thabhairt do gach ceann de na trí scil sin faoi leith, de réir na próifíle atá le roghnú. 


Triail eolais faoin Aontas Eorpach i gcás na gcomórtas ginearálta
Ceistneoir ilrogha faoin réimse lena mbaineann i gcás na gcomórtas do speisialtóirí

Sa triail eolais faoin Aontas Eorpach, mar shampla, díreofar ar cheisteanna tábhachtacha ábhartha a bhaineann le feidhmiú an Aontais, lena bheartais agus lena nósanna imeachta.

Beidh deis ag na hiarrthóirí breathnú ar na foinsí ar líne a úsáidtear chun an triail sin a chruthú, rud a fhágfaidh go mbeidh sé inrochtana fiú dóibh siúd nach ndearna staidéar ar ghnóthaí an Aontais san ollscoil nó nach raibh ag obair sa réimse sin roimhe. Foilseofar na hábhair fhoinseacha a úsáidfear chun an triail sin a chruthú an t-am céanna a fhoilseofar an fógra comórtais.

Ní fhoilseoidh EPSO aon ábhar foinseach le haghaidh an cheistneora ilrogha a bhaineann leis an réimse i gcás na gcomórtas do speisialtóirí.


Cás-staidéar

Beidh cás-staidéar san áireamh i roinnt comórtas chun scileanna cumarsáide scríofa (i.e. scileanna dréachtaithe) na n-iarrthóirí a mheas.


Triail scríofa

Agus EPSO ag bogadh i dtreo córas iomlán 24 theanga, tabharfaidh sé cineál nua trialach isteach ina phróisis roghnúcháin amhail ó 2024: an triail scríofa, darb aidhm measúnú a dhéanamh ar scileanna cumarsáide scríofa na n-iarrthóirí. Tiocfaidh an triail scríofa in ionad an chás-staidéir*.

Faoin téarma ‘triail scríofa’, tá trí chineál éagsúla trialacha ann a mbainfidh EPSO úsáid astu de réir na riachtanas a chuirfidh na seirbhísí earcaíochta in iúl le haghaidh gach comórtais:

  1.        Triail scríofa a bhaineann le réimse/réimsí an chomórtais, lena ndéantar measúnú ar scileanna cumarsáide scríofa agus na scileanna sin amháin. 
  2.        Triail scríofa réimse-shonrach lena ndéantar measúnú ar scileanna cumarsáide scríofa agus ar eolas an iarrthóra i réimse ábhartha an chomórtais.
  3.        Aiste shaorthéacs ar chúrsaí an Aontais Eorpaigh, lena ndéantar measúnú ar scileanna cumarsáide scríofa agus na scileanna sin amháin. 

Beidh ar na hiarrthóirí freagra a thabhairt ar thasc nó ar thascanna na trialach bunaithe ar na doiciméid a chuireann EPSO ar fáil agus a bhaineann le réimse/réimsí an chomórtais, mar a shonraítear san fhógra comórtais.

Ní triail teanga atá sa triail scríofa. Déanfar measúnú ar iarrthóirí ar bhonn na n-ancairí sonracha atá liostaithe thíos (is éard is ‘ancairí’ ann na gnéithe a chuireann na marcálaithe trialacha, i.e. na measúnóirí, san áireamh agus measúnú á dhéanamh acu ar inniúlacht ar leith).

‘Ancairí’ le haghaidh scileanna cumarsáide scríofa:

Déanann an t-iarrthóir an méid seo a leanas:

  • Scríobhann sé go hachomair gan focail agus abairtí a úsáid nach bhfuil gá leo.
  • Cuireann sé ábhar i láthair ar bhealach intuigthe.
  • Déanann sé a chuid scríbhneoireachta a oiriúnú dóibh siúd ar a bhfuil sé ag díriú agus don chuspóir atá beartaithe.
  • Úsáideann sé an t-eolas a chuirtear ar fáil chun déileáil leis an tasc.
  • Déanann sé an chumarsáid scríofa a struchtúrú le sreabhadh loighciúil smaointe.

*Leanfar de na cás-staidéir a úsáid le haghaidh roinnt comórtas atá ar siúl cheana féin.


Triail scileanna digiteacha

Tabharfar isteach triail scileanna digiteacha i gcomórtais áirithe, i gcomhréir le riachtanais na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí den Aontas Eorpach a bhfreastalaíonn EPSO orthu.

  • Publication of the Notice of Competition
     
  • Self-assessment of eligibility via Experience Assessment Survey Instrument (EASI)*, followed by application
     
  • Reasoning skills tests on a pass/fail basis
     
  • EU knowledge test for generalist competitions or Field-related Multiple-choice Questionnaire (FRMCQ) for specialist competitions - ranked
     
  • Digital skills test (when applicable)
     
  • Case study (assesses drafting skills) corrected only for those with the best results in EU knowledge or FRMCQ
     
  • Written test aimed at assessing, mainly, the candidates' written communication skills. For more information, please visit our dedicated page
     
  • Eligibility checks at an appropriate stage (final verification before placing on the Reserve List; checking of second language, if necessary)
     
  • Reserve List (database of successful candidates, published by EPSO at the end of each competition, used by EU institutions for their specific recruitment needs)
     
  • ‘Single ‘Request for Review’ window – Candidates have the option to request a review of the decision establishing their test results if they believe there has been a material error or a breach of the competition procedure rules, which may impact the results of the selection process. This request can only be done once, in line with the procedures contained in the notice of competition.
     

* EASI is a tool aimed at providing optional feedback to interested candidates to help them understand better their likelihood of admission (eligibility) to a competition, based on their qualifications and professional experience, compared to the requirements laid down in the Notice of Competition.
 

The feedback will only be shared with candidates themselves and will not be shared with any member of the Selection Board.