Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Eolas tábhachtach

laptop with several post-it
  • D’fhéadfadh sé go ndearna soláthraí nua EPSO tástáil ar roinnt iarrthóirí i gcomhthéacsanna eile. Na hiarrthóirí a shuiteáil an feidhmchlár le haghaidh trialacha eile roimhe seo, ní mór dóibh an feidhmchlár a dhíshuiteáil go hiomlán (gach ‘comhad ceilte’ san áireamh) agus é a shuiteáil ar a ríomhaire arís chun trialacha a bhaineann le EPSO a dhéanamh. Nuair a thabharfaidh EPSO cuireadh do na hiarrthóirí na trialacha a dhéanamh, gheobhaidh siad treoracha sonracha maidir leis an dóigh chun an méid sin a dhéanamh.
  • Ní mór d’iarrthóirí seiceáil réamhriachtanais theicniúil a dhéanamh chun a chinntiú go bhfuil a ngléas réidh chun tacú le heispéireas lá na trialach. Leis an tseiceáil réamhriachtanais theicniúil, is féidir leis an soláthraí trialacha a fhíorú an gcomhlíonann iarrthóirí na coinníollacha teicniúla, mar shampla an leagan ceart den fheidhmchlár a shuiteáil (2.1.1), agus ar an gcaoi sin a chinntiú nach bhfuil aon fhadhb ann, mar shampla, leis an gceamara, leis an micreafón ná le gnéithe eile. Cinntíonn sé freisin go bhfuil cur amach ag iarrthóirí ar an ardán tástála, ar a fheidhmiúlachtaí, agus ar na huirlisí atá le húsáid faoi choinníollacha scrúdaithe. I gcás iarrthóirí nár chuir an tseiceáil réamhriachtanais theicniúil i gcrích faoin sprioc-am, má bhíonn fadhbanna teicniúla acu le linn a seisiúin tástála, d’fhéadfadh sé nach dtabharfaí deis dóibh atástáil a dhéanamh. I bhfianaise a thábhachtaí atá an tseiceáil réamhriachtanais theicniúil sin, gheobhaidh na hiarrthóirí ríomhphost sonrach ó sholáthraí na dtrialacha ina thaobh sin agus cuirfidh EPSO i gcuimhne dóibh a thábhachtaí atá sí roimh an seisiún tástála chomh maith.
  • Ní mór ‘cearta riarthóra’, mar a thugtar orthu, a bheith agat ar do ríomhaire. Go praiticiúil, is éard a chiallaíonn sé sin nach gceadaítear ríomhairí corparáideacha a úsáid. Léigh nóta EPSO Cén fáth nach féidir liom mo ríomhaire corparáideach a úsáid le haghaidh trialacha roghnúcháin EPSO ar líne? | EU Careers (europa.eu) le haghaidh tuilleadh eolais maidir leis an gceanglas sin.
  • Is féidir leat an Ráiteas príobháideachais maidir le trialacha ar líne a léamh ar ár suíomh gréasáin freisin.