Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Rinne mé iarratas ar chomórtas tar éis 01/01/2023: Cé na doiciméid tacaíochta ba cheart dom a chur ar fáil?

Ní chuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh ach na doiciméid a d’uaslódáil tú i do chuntas EPSO go cuí agus atá nasctha agat leis na hiontrálacha ábhartha i d’iarratas ar chomórtas. Ní mór na doiciméid sin a bheith ina n-údar cuí leis an eolas a tugadh i d’fhoirm iarratais, eolas a bhfuil tú á ghlacadh isteach sa chomórtas ar a bhonn.

Gach iontráil i d’fhoirm iarratais ar líne (oideachas, taithí oibre), ní mór doiciméid ábhartha a chur ar fáil lena ndeimhniú agus le tacú leo. Ba cheart gach doiciméad a uaslódáiltear a nascadh leis an iontráil dá dtagraíonn sé i d’iarratas ar líne. Tá treoracha ar fáil maidir le conas do dhoiciméid a uaslódáil faoi Cén chaoi ar cheart dom mo chuid doiciméad tacaíochta a uaslódáil/a nascadh?

1. Céannacht: cóip de do chárta aitheantais bailí nó de do phas bailí

2. An t-oideachas:

  • Dioplóma lena dtugtar rochtain duit ar an gcomórtas de réir mar a cheanglaítear san fhógra comórtais, Coinníollacha sonracha – cáilíochtaí agus taithí oibre:
    • I gcás comórtas AST: dioplómaí meánscoile agus iar-mheánscoile;
    • I gcás comórtas AD: dioplómaí iar-mheánscoile.
  • Aitheantas oifigiúil do dhioplóma, más gá: caithfidh gach dioplóma, is cuma cé acu i mBallstát den Aontas nó i dtír nach Ballstát den Aontas í a eisíodh é, a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil Stáit, e.g. roinn oideachais i mBallstát den Aontas. Féach freisin An nglactar le cáilíocht/dioplóma a eisíodh i dtír nach Ballstát den Aontas Eorpach í?
  • Doiciméadacht maidir leis an oiliúint atá curtha i gcrích, ar choinníoll go dtugtar rochtain ar an gcomórtas léi (féach an fógra comórtais).

3. Taithí ghairmiúil:

Ní chuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh tréimhsí taithí oibre nach gcomhthacaíonn sainchuntas poist leo. Déan cinnte de go gcuireann tú doiciméid ar fáil a chruthaíonn cineál do chuid dualgas agus fad do thaithí:

3.1. I gcás obair thuarastail:

  • Doiciméid ón bhfostóir reatha agus ó iarfhostóir(í) ina sonraítear cineál agus leibhéal na ndualgas a rinneadh (litreacha ón oifigeach uachtarach, tuarascálacha meastóireachta ina ndéantar cur síos ar do chúraimí, do shainchuntais post a chuir d’fhostóir ar fáil, conarthaí lena n-áirítear cur síos mionsonraithe ar na dualgais a rinneadh, ...)
  • Conradh/conarthaí fostaíochta lena ngabhann dáta tosaigh agus dáta deiridh, nó an chéad duillín pá agus an duillín pá deiridh.

Ní mór na doiciméid a dhátú, ceanntásc oifigiúil agus/nó stampa oifigiúil na cuideachta a bheith orthu, chomh maith le hainm agus síniú an duine atá i gceannas.  

3.2. I gcás daoine féinfhostaithe – saorghairmeacha:

  • Sonraisc, conarthaí, foirmeacha ordaithe;
  • Comhfhreagras ríomhphoist;
  • Miontuairiscí cruinnithe;
  • Billí cánach;
  • Comhaltas comhlachais ghairmiúil.

Ní chuirfear san áireamh dearbhuithe ar onóir ná doiciméid nach gcomhlíonann na ceanglais thuas. Mura gcuireann tú fianaise dhoiciméadach leordhóthanach ar fáil faoin sprioc-am, d’fhéadfaí a mheas nach bhfuil tú incháilithe agus go bhfuil tú eisiata ón gcomórtas ar bhonn easpa doiciméid tacaíochta.

Féadfar dul i dteagmháil le hiarrthóirí trí ríomhphost chun eolas breise nó doiciméid bhreise a iarraidh orthu maidir le dioplóma ar leith nó taithí oibre ar leith.