Cén chaoi ar cheart dom mo chuid doiciméad tacaíochta a uaslódáil/a nascadh?
Ní mór d’iarrthóirí cóipeanna scanta dá gcuid doiciméad ábhartha a chur ar fáil mar thaca leis an eolas ina bhfoirm iarratais. Ní mór duit na doiciméid sin:
A. a uaslódáil chuig do chuntas EPSO,
B. a nascadh le d’fhoirm iarratais.
Sonraí maidir leis na doiciméid tacaíochta atá le huaslódáil, is féidir teacht orthu sin sna rialacha ginearálta lena rialaítear comórtais oscailte a ghabhann leis an bhfógra comórtais.
Foilsítear san fhógra comórtais an sprioc-am faoinar gá d’iarrthóirí na cóipeanna scanta de na doiciméid a uaslódáil chuig a gcuntas EPSO agus iad a nascadh lena n-iarratas.
A. Doiciméid a uaslódáil chuig do chuntas EPSO
Uaslódáil na cóipeanna scanta de do chuid doiciméad chuig do chuntas EPSO trí chliceáil ar an gcnaipe ‘Doiciméid tacaíochta a uaslódáil’ i do chuntas EPSO.
D'fhéadfadh baint a bheith ag na doiciméid tacaíochta ábhartha le ceann de na 4 chineál comhaid seo a leanas:
- cárta aitheantais / pas,
- oideachas agus oiliúint,
- taithí oibre,
- doiciméid eile.
Is féidir leat suas le 20 comhad i gcatagóirí 1, 2 agus 4 a uaslódáil agus suas le 50 comhad i gcatagóir 3 (uasmhéid 2MB in aghaidh an chomhaid). Ní féidir líon na ndoiciméad is féidir a uaslódáil i gcuntas EPSO a mhéadú.
Ní mór na doiciméid a bheith i bhformáid PDF nó JPG. Ní thacaítear le formáidí comhaid eile.
Smaoinigh ar do dhoiciméad a athainmniú i gcás teachtaireacht earráide: ná húsáid ach aon phonc amháin (.) roimh an iarmhír chomhadainm (pdf, jpg) agus seachain carachtair speisialta (_-/ etc.) agus spásanna bána in ainm an chomhaid.
Is féidir leat doiciméad atá uaslódáilte cheana a fheiceáil trí chliceáil ar an deilbhín ‘Taispeáin’ (cruth súile air), agus doiciméad a scriosadh trí chliceáil ar dheilbhín an bhosca bruscair. Ní féidir ach doiciméad nach bhfuil nasctha fós le hiarratas, nó nach bhfuil nasctha leis a thuilleadh, a scriosadh.
B. Doiciméid a nascadh le d’iarratas
Nuair a bheidh do chuid doiciméad uaslódáilte chuig do chuntas EPSO agat, ní mór duit iad a nascadh leis na sonraí ábhartha i d’fhoirm iarratais trí chliceáil ar an gcnaipe ‘Link supporting documents’ atá le fáil in aice le gach iarratas sa chlib ‘Iarrata(i)s’ i do chuntas EPSO. Tabhair do d’aire nach féidir na doiciméid a nascadh go dtí go mbeidh d’iarratas bailíochtaithe agat.
Trí chliceáil ar an gcnaipe ‘Link supporting documents’, gheobhaidh tú rochtain ar liosta na ndoiciméad tacaíochta atá uaslódáilte chuig do chuntas EPSO. Déantar na doiciméid a ghrúpáil de réir ‘Cineál comhaid’. I gcás gach iontrála faoi ‘Oideachas agus Oiliúint’ agus ‘Taithí Ghairmiúil’, ní mór duit doiciméad a uaslódáladh roimhe sin a nascadh sa chineál comhaid comhfhreagrach. Ní mór doiciméad nasctha a bheith mar thaca le do chárta aitheantais / do phas.
D’fhéadfá na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:
- An doiciméad a thaispeáint (‘View’) (cruth súile air),
- An doiciméad a nascadh (cruth slabhra air),
- Na doiciméid uile a dhínascadh (deilbhín ‘All’ ag an mbarr)
- An doiciméad a dhínascadh (cruth slabhra bhriste air).
Ní chuirfear na doiciméid tacaíochta ar aghaidh chuig na seirbhísí earcaíochta.
Is féidir leat a sheiceáil go héasca an bhfuil doiciméad uaslódáilte agus/nó nasctha le d'iarratas trí chliceáil ar an gcnaipe ‘Link supporting documents’ atá ar fáil i do chuntas EPSO. Nuair a nasctar doiciméad athraítear a stádas go ‘Linked’ agus bíonn an dáta a nascadh é léirithe.
C. Conas doiciméad tacaíochta a scriosadh ó do chuntas EPSO
Chun doiciméad a uaslódáladh roimhe seo a scriosadh ó do chuntas EPSO, ní mór duit é a dhínascadh ar dtús ó gach iarratas lena bhfuil sé nasctha.
A luaithe a bheidh an doiciméad dínasctha, beidh tú in ann é a scriosadh ón roghchlár ‘Upload supporting document’ ar an taobh clé de do chuntas EPSO.