Tá na hinstitiúidí ag lorg iarrthóirí éirimiúla spreagtha, a bhfuil ardcháilíochtaí acu sa réimse i gceist, iarrthóirí a bhfuil na hinniúlachtaí ginearálta seo thíos acu:
- Anailísiú agus réiteach fadhbanna: príomhphointí ceisteanna casta a aimsiú agus réitigh atá cruthaitheach, soiléir agus praiticiúil a cheapadh
- Cumarsáid: cumarsáid chruinn shoiléir a dhéanamh, ó bhéal agus i scríbhinn
- Obair ardcháilíochta a dhéanamh agus torthaí a bhaint amach: freagrachtaí a ghlacadh agus a bheith tionscantach ar mhaithe le hobair d'ardchaighdeán a dhéanamh, laistigh de nósanna imeachta atá leagtha síos
- Foghlaim agus forbairt: scileanna pearsanta agus eolas ar an eagraíocht agus ar an láthair oibre a fhorbairt agus a fheabhsú
- Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán: cúraimí a chur in ord tábhachta, oibriú go solúbtha, agus an t-ualach oibre a eagrú go héifeachtúil
- Buanseasmhacht: a bheith éifeachtach, fiú amháin nuair atá ualach mór oibre ann, deacrachtaí eagraíochtúla a shárú ar bhealach dearfach agus a bheith in ann dul in oiriúint d'athruithe sa láthair oibre.
- Obair Bhuíne: oibriú i gcomhar le gar-chomhghleacaithe agus le comhghleacaithe i seirbhísí eile, agus na héagsúlachtaí atá idir daoine a chur san áireamh.
- Ceannaireacht (riarthóirí amháin): daoine a bhainistiú, a n-inniúlachtaí a fhorbairt agus iad a spreagadh sa chaoi is go mbainfidh siad a gcuid spriocanna amach.
Ina theannta sin, tá iarrthóirí a bhfuil ardcháilíochtaí acu sa réimse i gceist, á lorg ag na hinstitiúidí le haghaidh na sainphróifílí. Tá eolas ar fáil san Fhógra comórtais ar na hinniúlachtaí réimse-shonracha, agus ar na trialacha lena ndéantar na hinniúlachtaí ginearálta agus na hinniúlachtaí réimse-shonracha a mheas.
Tá sé beartaithe ag EPSO creat inniúlachta nua a úsáid ó 2023 ar aghaidh. Is féidir leat níos mó a fhoghlaim faoi anseo.