Dá ligfeadh an Bord Roghnúcháin isteach sa chomórtas arís thú tar éis athbhreithniú a dhéanamh, thiocfá ar ais isteach ag an gcéim céanna ónar cuireadh amach thú, ainneoin cé chomh fada a bheadh an comórtas bogtha ar aghaidh idir an dá linn.
Cad a tharlódh dá ligfí isteach sa chomórtas arís mé tar éis athbhreithniú a dhéanamh, ach go mbeadh an comórtas bogtha ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile cheana?
Tá iarraidh ar athbhreithniú curtha isteach agam agus níl freagra faighte agam fós, ar cheart dom meabhrú a chur?
Má fuair tú adhmháil le cur in iúl go bhfuarthas do ghearán, níor cheart duit meabhrú a chur mura bhfuil am suntasach caite ó chur tú isteach é.
Is féidir go mbeidh roinnt seachtainí i gceist chun freagraí ar athbhreithnithe a ullmhú. Ní mór don Bhord Roghnúcháin teacht le chéile chun cinneadh a dhéanamh faoi, agus is ina dhiaidh sin amháin a dhéantar freagraí a ullmhú agus a chur.
Tá mé faoi mhíchumas agus bhí deacrachtaí agam mo chuntas EPSO agus/nó suíomh gréasáin EPSO a rochtain le linn an phróisis roghnúcháin a raibh mé páirteach ann. Cé leis ar ceart dom dul i dteagmháil chun mo chuid tuairimí agus moltaí a chur in iúl?
Accessibility is very important to EPSO. We continually work to improve the accessibility of our communication and selection procedures.
However, if you run into difficulties linked to the accessibility of your EPSO account or our website, please contact us to share your observations and recommendations.
If necessary, EPSO produces adapted formats accessible to assistive technology
Your feedback is essential to us. It helps us improve our services by making them more accessible to everyone.
You can find out more about EPSO's work to improve accessibility on our equal opportunities webpage.
Cad is ceart dom a dhéanamh má fheictear dom nár caitheadh go cothrom liom i gcomórtas i ngeall ar na saintréithe a bhaineann liom?
Is mór ag EPSO an comhionannas, an éagsúlacht agus an t-ionchuimsiú agus bíonn sé ar a dhícheall féachaint chuige go bhfuil na deiseanna céanna ag na hiarratasóirí uile, go gcaitear ar an dóigh chéanna leo agus go bhfuil an rochtain chéanna acu ar a chuid seirbhísí.
Má fheictear duit gur caitheadh leat ar dhóigh éagórach nó idirdhealaitheach i ngeall ar cheann amháin nó níos mó de na saintréithe seo: gnéas, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach, má fheictear sin duit, déan teagmháil linn láithreach chun do chuid tuairimí agus mothúchán a chur in iúl dúinn.
Tugaimid an-aird ar an aiseolas a thugann iarratasóirí dúinn óir is iad atá i gcroílar ár gcuid beartas agus cleachtas maidir le comhionannas, éagsúlacht agus bainistiú ionchuimsithe. Tá tuilleadh eolais faoin dóigh a gcuirimid na beartais sin i bhfeidhm, ar ár leathanach comhdheiseanna.
An féidir ráitis níos mionsonraithe a chur i mo phas inniúlachtaí?
Tá an pas ceaptha radharc foriomlán a thabhairt ar do bhuanna agus do laigí maidir le gach inniúlacht. Is ar mhaithe leis an trédhearcacht a chuireann EPSO ar fáil é. Mar sin féin, ní oibleagáid é, mar is leor na marcanna a tugadh do gach inniúlacht a chur in iúl mar údar le cinntí an Bhoird.
An féidir liom an marc a ghnóthaigh mé i ngach triail a fháil?
Ní féidir. Is ar bhonn an mheasúnaithe a rinneadh ar roinnt inniúlachtaí i roinnt trialacha, agus ar a bhonn sin amháin, (ar nós an phas inniúlachtaí) a dhéantar an mharcáil.
Tá sé tugtha faoi deara agam go bhfuil neamhréir idir na marcanna a tugadh dom don inniúlacht chéanna i gcomórtais éagsúla. Caithfidh sé go ndearnadh botún sa mheasúnú
Ní haon údar é an marc a ghnóthaigh tú i gcomórtas amháin le cur in aghaidh cinneadh a rinneadh faoina fheabhas a d’éirigh leat i gcomórtas eile.
Tá sé tugtha faoi deara agam go bhfuil neamhréir i mo phas inniúlachtaí idir na measúnuithe éagsúla a rinneadh. Caithfidh sé go ndearnadh botún.
Maidir leis na measúnuithe cáilíochta a thugtar sa phas inniúlachtaí, féach go mbaineann gach ceann acu go sonrach le cleachtadh ar leith, agus de bhrí nach gá go n-éireodh le hiarrthóir chomh maith céanna i ngach cleachtadh, is féidir na measúnuithe a bheith éagsúil le chéile.
Tá sé tugtha faoi deara agam go bhfuil neamhréir idir an t-aiseolas a tugadh dom i dtaobh an agallaimh eolasbhunaithe agus an marc a ghnóthaigh mé ag céim an ‘Talent Screener’. An ndearnadh botún?
Is éard atá i gcéim an ‘Talent Screener’ céim den phróiseas iontrála ina ndéantar an roghnú ar bhonn an eolais a thug an t-iarrthóir i rannán an ‘Talent Screener’ san fhoirm iarratais. Os a choinne sin, is éard atá san agallamh eolasbhunaithe agallamh struchtúrtha atá bunaithe ar an eolas a tugadh sa ‘Talent Screener’ ach is é is aidhm dó sin inniúlachtaí sonracha an iarrthóra a mheas. Dá bhrí sin, ní gá gurb ionann marc ard a ghnóthú sa ‘Talent Screener’ agus marc ard a ghnóthú san agallamh mar is triail ar leith é an t-agallamh struchtúrtha.
An bhfuil an fhaisnéis léite agat agus ar mhaith leat gearán a dhéanamh anois?