Táim faoi mhíchumas nó i riocht sláinte a bhfuil socruithe ag teastáil ina leith i dtaca leis na trialacha roghnúcháin. Cad is ceart dom a dhéanamh?
Question categories:
Má tá socruithe speisialta i dtaca leis na trialacha de dhíth ort de dheasca míchumais nó riocht sláinte, níl le déanamh agat ach an nós imeachta a leanúint atá leagtha amach ar an leathanach maidir le comhionannas deiseanna chun d’iarratas ar shocruithe a chur isteach. Tá na cineálacha éagsúla socruithe is féidir a dhéanamh le fáil ansin freisin.
Chun go ndéanfar socruithe réasúnta duit i dtaca leis na trialacha roghnúcháin, beidh ort teastas arna eisiúint ag eagraíocht inniúil náisiúnta agus/nó speisialtóir a chur ar fáil ina bhfuil deimhniú ar an míchumas nó an riocht sláinte ina bhfuil tú.