Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Cad é an rud é an ceistneoir "Gairm domsa gairm san Aontas Eorpach"?

Question categories:

I gcás roinnt próisis roghnúcháin iarrfar ort an ceistneoir "Gairm domsa gairm san Aontas Eorpach"? a líonadh isteach sula gcuirfidh tú iarratas isteach.

Beidh an ceistneoir sin ina chuidiú duit tuiscint a fháil ar an gcineál oibre a dhéantar in institiúidí an Aontais Eorpaigh. Gach bliain eagraíonn EPSO mórchuid cineálacha comórtais a chuimsíonn gráid éagsúla agus réimsí éagsúla. Cuireann líon mór iarrthóirí isteach ar thromlach na gcomórtas sin. Cuid mhór de na hiarrthóirí sin, teipfidh orthu ag céim éigin den phróiseas roghnúcháin. Dá bhrí sin, is fiú, sula gcuire tú iarratas isteach, do mhachnamh a dhéanamh ar an gcineál oibre a dhéantar in institiúidí an Aontais Eorpaigh agus ar an difear idir sin agus an tuiscint a bhíonn ag iarratasóirí air.

Uirlis féinmheastóireachta atá sna trialacha sin. Ní trialacha díbearthacha iad. Ní choimeádfar taifead ar na torthaí ná ní chuirfear san áireamh iad má thograíonn tú iarratas a dhéanamh ina dhiaidh sin.