Táim ag obair cheana féin le hinstitiúidí an Aontais, ach tá mo chonradh ar tí teacht chun deiridh. An gcaillfidh mé rochtain ar mo chuntas ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí?
Question categories:
- Tá conradh sealadach agat le hinstitiúid de chuid an Aontais a úsáideann SYSPER, agus tiocfaidh do chonradh chun deiridh sula dtabharfar an comórtas chun críche: ní mór duit ‘EU Login ar feadh an tsaoil (EUL4L)’ a ghníomhachtú trí SYSPER chun rochtain a choinneáil ar do chuntas inmheánach.
- Má tá conradh sealadach agat le hinstitiúid de chuid an Aontais nach n-úsáideann SYSPER (mar shampla, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, Parlaimint na hEorpa, Coiste na Réigiún, nó an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí), ní mór duit rochtain a fháil ar JSIS (Comhscéim Árachais Breoiteachta) agus cuntas seachtrach EU Login a chruthú. Le linn an phróisis sin, déanann d’institiúid do chuntas a fhíorú agus a nascadh go hoifigiúil le d’Aitheantas Pearsanta (PerID) (‘urraithe’ an téarma a úsáidtear i leith do chuntais sa chéim seo). Nuair a bheidh sé sin déanta, beidh do chuntas ina chuntas EUL4L (EU Login ar feadh an tsaoil) lenar féidir leat rochtain a choinneáil ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí fiú tar éis dheireadh do chonartha.