Oibrím cheana féin le hinstitiúidí an Aontais agus ní féidir liom mo chuid iarratas uile a aimsiú i mo chuntas ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí.
Question categories:
Is é is dóichí gur bhain tú úsáid as cuntais éagsúla EU Login le haghaidh do chuid iarratas. Sin é an fáth nach bhfuil siad go léir le feiceáil má logálann tú isteach i gceann de na cuntais sin. Ní fadhb é sin, ach tabhair do d’aire – má tá conradh sealadach agat le hinstitiúid de chuid an Aontais a úsáideann SYSPER agus má thagann deireadh le do chonradh roimh dheireadh an chomórtais, ní mór duit ‘EU Login for life [‘EU Login ar feadh an tsaoil’] (EUL4L)’ a ghníomhachtú trí SYSPER chun rochtain a bheith agat i gcónaí ar do chuntas inmheánach.