Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Cén chaoi ar cheart dom mo chuid doiciméad tacaíochta a uaslódáil/a nascadh?

Ní mór duit cóipeanna scanta de do chuid doiciméad ábhartha a chur ar fáil chun tacú leis an eolas atá i d’fhoirm iarratais, agus sin a dhéanamh ar a dhéanaí an lá roimh na trialacha san ionad measúnaithe. Ní mór duit na doiciméid sin:

A. a uaslódáil chuig do chuntas EPSO,
B. a nascadh le d’fhoirm iarratais.

Sonraí maidir leis na doiciméid tacaíochta atá le huaslódáil, is féidir teacht orthu sin sna rialacha ginearálta lena rialaítear comórtais oscailte a ghabhann leis an bhfógra comórtais.

A. Na doiciméid a uaslódáil chuig do chuntas EPSO

Uaslódáil na cóipeanna scanta de do chuid doiciméad chuig do chuntas EPSO trí chliceáil ar an gcnaipe ‘Doiciméid tacaíochta a uaslódáil’ i do chuntas EPSO.

D'fhéadfadh baint a bheith ag na doiciméid tacaíochta ábhartha le ceann de na 4 chineál comhaid seo a leanas:

  1. cárta aitheantais / pas,
  2. oideachas agus oiliúint,
  3. taithí oibre,
  4. doiciméid eile.

Is féidir leat suas le 20 comhad i gcatagóirí 1, 2 agus 4 a uaslódáil agus suas le 50 comhad i gcatagóir 3 (uasmhéid 2MB in aghaidh an chomhaid).

Ní mór na doiciméid a bheith i bhformáid PDF nó JPG. Ní thacaítear le formáidí comhaid eile.

Smaoinigh ar do dhoiciméad a athainmniú i gcás teachtaireacht earráide: ná húsáid ach aon phonc amháin (.) roimh an iarmhír chomhadainm (pdf, jpg) agus seachain carachtair speisialta (_-/ etc.) agus spásanna bána in ainm an chomhaid.

Is féidir leat doiciméad atá uaslódáilte cheana a fheiceáil trí chliceáil ar an deilbhín ‘Taispeáin’ (cruth súile air), agus doiciméad a scriosadh trí chliceáil ar dheilbhín an bhosca bruscair. Ní féidir ach doiciméad nach bhfuil nasctha fós le hiarratas, nó nach bhfuil nasctha leis a thuilleadh, a scriosadh.

B. Doiciméid a nascadh le d’iarratas

Nuair a bheidh do chuid doiciméad uaslódáilte chuig do chuntas EPSO agat, ní mór duit iad a nascadh leis na sonraí ábhartha i d’fhoirm iarratais trí chliceáil ar an gcnaipe ‘Link supporting documents’ atá le fáil in aice le gach iarratas sa chlib ‘Iarrata(i)s’ i do chuntas EPSO.

Trí chliceáil ar an gcnaipe ‘Link supporting documents’, gheobhaidh tú rochtain ar liosta na ndoiciméad tacaíochta atá uaslódáilte chuig do chuntas EPSO. Déantar na doiciméid a ghrúpáil de réir ‘Cineál comhaid’. I gcás gach iontrála faoi ‘Oideachas agus Oiliúint’ agus ‘Taithí Ghairmiúil’, ní mór duit doiciméad a uaslódáladh roimhe sin a nascadh sa chineál comhaid comhfhreagrach. Ní mór doiciméad nasctha a bheith mar thaca le do chárta aitheantais/do phas chomh maith le d’eolas ‘Talent Screener’.

D’fhéadfá na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:

  1. An doiciméad a thaispeáint (‘View’) (cruth súile air),
  2. An doiciméad a nascadh (cruth slabhra air),
  3. Na doiciméid uile a dhínascadh (deilbhín ‘All’ ag an mbarr)
  4. An doiciméad a dhínascadh (cruth slabhra bhriste air).

Ní chuirfear na doiciméid tacaíochta ar aghaidh chuig na seirbhísí earcaíochta.