Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Tá Anailísithe Gnó SAP á lorg ag Parlaimint na hEorpa!

Picture showing 5 people working at a table

Tá próiseas roghnúcháin á eagrú ag Parlaimint na hEorpa chun oifigigh bhuana a earcú in Ard-Stiúrthóireacht an Airgeadais (AS FINS).

Is é is aidhm don phróiseas roghnúcháin iarrthóirí oiriúnacha a aimsiú chun bheith ag obair mar Anailísithe Gnó SAP i Lucsamburg. Tá AS FINS ag lorg gairmithe a chuideoidh le hardán SAP S4HANA Pharlaimint na hEorpa a bhainistiú agus a chothabháil. Is é is aidhm don phróiseas roghnúcháin folúntais san Aonad um Lárionad Inniúlachta FMS i Lucsamburg a líonadh go príomha. Is ag grád AD 6 agus grád AD 9 a dhéanfar an earcaíocht. Tá Parlaimint na hEorpa ag lorg 10 n-iarrthóir rathúla de réir an ghráid.

Tá eolas mionsonraithe faoin bpost agus faoin bpróiseas roghnúcháin ar fáil ar Apply4EP.

Déantar iarratas roimh an 13 Aibreán 2023, 17:00 (am Lucsamburg).