
Cláir Oiliúna an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta

Thíos tá roinnt de na tréimhsí oiliúna éagsúla a chuireann an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) ar fáil i Lucsamburg.
Cláir oiliúna agus cláir do chéimithe
Tugann siad an deis duit taithí ghairmiúil a fháil sa réimse staidéir is rogha leat agus an buntáiste breise a bhaineann le tuiscint a fháil ar obair an Bhainc.
Maireann siad idir 3 mhí agus 5 mhí (6 mhí má iarrann ollscoileanna é sin).
Incháilitheacht
Beidh tú incháilithe más rud é:
- go bhfuil tú i do bhliain dheireanach ar an ollscoil,
sin nó
- gur céimí thú agus níos lú ná bliain amháin taithí oibre agat (ó críochnaíodh an chéim dheireanach, gan intéirneachtaí a chur san áireamh),
agus
- gur saoránach den Aontas Eorpach thú nó gur saoránach de thír is iarrthóir thú.
- go bhfuil Béarla agus/nó Fraincis ar do thoil agat (beidh eolas ar theangacha eile an Aontais ina bhuntáiste agat).
Dátaí iontrála
1 Eanáir agus 1 Meán Fómhair. Fógraítear iad sin de ghnáth thart ar 4 mhí sula nglactar na daoine nua isteach.
Beidh tú freagrach as do lóistín féin, ach íocfaidh siad liúntas míosúil ar ráta comhréidh leat chun cuidiú le costais mhaireachtála agus cuirfidh siad aisíocaíocht speansas taistil ar fáil duit (aon turas fillte amháin ó do phointe tionscnaimh).
Clár Oiliúna na Saoráide um an gComhpháirtíocht agus an Infheistíocht Eora-Mheánmhara (FEMIP)
Tá sé d’aidhm ag clár oiliúna FEMIP cumas daonna a fhorbairt i dTíortha Comhpháirtíochta na Meánmhara trí dheiseanna a chur ar fáil d’iarrthóirí óga tréitheacha ar mian leo feabhas a chur ar shaol daoine trí dhul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta a chur chun cinn i dTíortha Comhpháirtíochta na Meánmhara.
Seolann siad an clár gach bliain san fhómhar do Thíortha Comhpháirtíochta a bhfuil Creat-Chomhaontú déanta acu leis an mBanc Eorpach Infheistíochta (an Ailgéir, an Éigipt, an Phalaistín*, Iosrael, an Iordáin, an Liobáin, Maracó agus an Túinéis).
Is é is cuspóir dár gClár Oiliúna FEMIP deis a thabhairt d’iarrthóirí a n-éireoidh leo feabhas a chur ar a gcuid scileanna chomh maith le taithí oibre a fháil i dtimpeallacht ilchultúrtha idirnáisiúnta.
Leis an gclár seo, arna mhaoiniú ag Ciste Iontaobhais FEMIP, lorgaítear iarrthóirí a bhfuil speisialtóireacht acu i réimse a bhaineann le hinfheistíocht idirnáisiúnta agus baincéireacht forbartha, amhail:
- maoiniú (maoiniú tionscadail, maoiniú FBManna, creidmheas agus anailís riosca go háirithe)
- eacnamaíocht (micreacnamaíocht/maicreacnamaíocht, forbairt, staidreamh, anailís ar mhargadh na bpost)
- comhshaol, innealtóireacht (calafoirt, bóithre, fuinneamh, etc.) nó pleanáil uirbeach
Incháilitheacht
Beidh tú incháilithe más rud é:
- gur mac léinn thú sa bhliain deiridh de chúrsa in institiúid ardoideachais, sin nó gur shaothraigh tú céim le déanaí agus níos lú ná 2 bhliain de thaithí iomchuí agat,
- gur náisiúnach thú de cheann de Thíortha Comhpháirtíochta na Meánmhara (an Ailgéir, an Éigipt, an Phalaistín*, Iosrael, an Iordáin, an Liobáin, Maracó agus an Túinéis).
Go ginearálta, beidh na hiarrthóirí a n-éireoidh leo cláraithe ar chlár staidéir iarchéime a bhfuil céim mháistreachta á saothrú acu ann agus taithí oibre éigin acu cheana féin.
Ina theannta sin, ní mór duit na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:
- cumas léirithe chun obair anailíseach a dhéanamh, dea-bhreithiúnas a dhéanamh agus oibriú mar chuid d’fhoireann
- inniúlacht i mBéarla agus/nó i bhFraincis; bheadh eolas ar theangacha FEMIP ina bhuntáiste agat
- bheadh roinnt taithí oibre ina bhuntáiste agat (taithí nach mó ná 2 bhliain, de ghnáth)
Beidh tú freagrach as do lóistín féin, ach íocfaidh siad liúntas míosúil ar ráta comhréidh leat chun cuidiú le costais mhaireachtála agus cuirfidh siad aisíocaíocht speansas taistil ar fáil duit (aon turas fillte amháin ó do phointe tionscnaimh).
Clár Oiliúna Chomhpháirtíocht an Oirthir arna mhaoiniú ag an gCiste Iontaobhais um Chúnamh Teicniúil do Chomhpháirtíocht an Oirthir
Clár ilbhliantúil dar cuspóir deis a thabhairt d’iarrthóirí rathúla feabhas a chur ar a gcuid scileanna agus taithí oibre a fháil i dtimpeallacht idirnáisiúnta ilchultúrtha.
Leis an gClár, arna mhaoiniú ag gCiste Iontaobhais um Chúnamh Teicniúil do Chomhpháirtíocht an Oirthir, lorgaítear iarrthóirí a bhfuil speisialtóireacht acu i réimse a bhaineann le hinfheistíocht idirnáisiúnta agus baincéireacht forbartha, amhail airgeadas (maoiniú tionscadail, maoiniú FBManna, creidmheas agus anailís riosca go háirithe) nó eacnamaíocht (micreacnamaíocht/maicreacnamaíocht, forbairt, staidreamh, anailís ar mhargadh na bpost), agus comhshaol, innealtóireacht (calafoirt, bóithre, fuinneamh, etc.) nó pleanáil uirbeach.
Incháilitheacht
Beidh tú incháilithe más rud é:
- gur náisiúnach thú de cheann de thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir (an Asarbaiseáin, an Airméin, an Bhealarúis, an tSeoirsia, an Mholdóiv agus an Úcráin).
- go bhfuil céim saothraithe agat, nó go bhfuil tú sa bhliain dheireanach de chúrsa in institiúid ardoideachais.
Go ginearálta, beidh na hiarrthóirí a n-éireoidh leo cláraithe ar chlár staidéir iarchéime (a bhfuil céim mháistreachta á saothrú acu ann) agus taithí oibre éigin acu cheana féin.
Ina theannta sin, ní mór duit na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:
- inniúlacht i mBéarla agus/nó i bhFraincis (bheadh eolas ar theangacha Oir-Eorpacha eile ina bhuntáiste agat);
- cumas léirithe chun obair anailíseach a dhéanamh, dea-bhreithiúnas a dhéanamh agus oibriú mar chuid d’fhoireann;
- bheadh roinnt taithí oibre ina bhuntáiste agat (taithí nach mó ná 2 bhliain, de ghnáth);
- gan aon réamhthaithí oibre ná oiliúint inmheánach a bheith agat ar feadh níos mó ná 6 seachtaine le hinstitiúidí, gníomhaireachtaí nó comhlachtaí eile de chuid an Aontais.
Cuireann an Banc Eorpach Infheistíochta pacáiste iomaíoch luacha saothair ar fáil do gach oiliúnaí, a bhfuil stipinn mhíosúil, árachas agus aisíocaíocht speansas taistil san áireamh (aon turas fillte amháin ón bpointe tionscnaimh/chónaithe nó go dtí an pointe tionscnaimh/chónaithe, le haghaidh tréimhse oiliúna a mhaireann suas le 6 mhí, nó 2 mhí i gcás sannacháin 10 mí go 12 mhí). Is iad na hoiliúnaithe a bheidh freagrach as a gcostais mhaireachtála/lóistín féin.
Ní mór do gach iarrthóir a n-éireoidh leis gealltanas a thabhairt 6 mhí ar a laghad agus 12 mhí ar a mhéad a chaitheamh sa Chlár, tréimhse a bheidh le caitheamh i gceanncheathrú an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta i Lucsamburg nó i gceann de na hoifigí seachtracha. Sa dara cás, ní féidir le hiarrthóir iarratas a dhéanamh ach amháin ar phost i dtír nach bhfuil cónaí inti air/nach náisiúnach di é.
Intéirneachtaí agus poist samhraidh
Cuireann an Banc Eorpach Infheistíochta deiseanna ar fáil do mhic léinn i bhfoirm poist samhraidh ghearrthéarmacha (2–4 seachtaine) agus intéirneachtaí fadtéarmacha a mhaireann idir 3 mhí agus 12 mhí de ghnáth, ag brath ar an gclár.
Incháilitheacht
Beidh tú incháilithe más rud é:
- go bhfuil tú i do bhliain dheireanach ar an ollscoil,
sin nó
- gur céimí thú agus níos lú ná bliain amháin taithí oibre agat (ó críochnaíodh an chéim dheireanach, gan intéirneachtaí a chur san áireamh),
agus
- náisiúnach de Bhallstát an Aontais nó de Thír is Iarrthóir a bhfuil tús curtha le hidirbheartaíocht ballraíochta aici (is é sin An Tuirc, an tSeirbia agus Montainéagró faoi láthair).
- go bhfuil Béarla agus/nó Fraincis ar do thoil agat (beidh eolas ar theangacha eile an Aontais ina bhuntáiste agat).
Ina theannta sin, ní mór duit na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:
- cumas léirithe chun obair anailíseach a dhéanamh, dea-bhreithiúnas a dhéanamh agus oibriú mar chuid d’fhoireann
Go ginearálta, beidh na hiarrthóirí a n-éireoidh leo cláraithe ar chlár staidéir iarchéime (a bhfuil céim mháistreachta á saothrú acu ann).
Dátaí iontrála
1 Eanáir agus 1 Meán Fómhair. Fógraítear iad sin de ghnáth thart ar 4 mhí sula nglactar na daoine nua isteach.
Maireann intéirneachtaí idir 3 mhí agus 5 mhí de ghnáth (6 mhí má iarrann na hollscoileanna é sin), agus ní féidir síneadh a chur leo thar an uastréimhse. Is i gceanncheathrú an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta i Lucsamburg atá a bhformhór acu lonnaithe.
Beidh tú freagrach as do lóistín féin, ach íocfaidh siad liúntas míosúil ar ráta comhréidh leat chun cuidiú le costais mhaireachtála agus cuirfidh siad aisíocaíocht speansas taistil ar fáil duit (aon turas fillte amháin ó do phointe tionscnaimh).
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar an rannán work with us [‘oibriú linn’] ar shuíomh gréasáin an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta.