Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Caighdeáin tástála EPSO faoin tsamhail chomórtais nua

I samhail chomórtais nua EPSO baintear dian-úsáid as trialacha ríomhaire ar líne, mar atá ceistneoirí ilrogha (e.g. trialacha scileanna réasúnaíochta, eolas ar an Aontas Eorpach agus trialacha réimse-shonracha eile, trialacha scileanna digiteacha) agus trialacha scríofa, a bhfuil trialacha aistriúcháin agus athbhreithnithe teanga ina measc.

Tá eolas táscach sa tábla thíos maidir le líon na míreanna agus fad na dtrialacha don dá phríomhchineál comórtais a eagraíonn EPSO, mar atá comórtas ginearálta agus sainchomórtas. Tabhair do d’aire, i gcásanna áirithe, go bhféadfadh éagsúlachtaí beaga a bheith ann i gcomhréir le riachtanais shonracha na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí den Aontas Eorpach a bhfreastalaíonn EPSO orthu.

Chun eolas níos fearr a chur ar thrialacha roghnúcháin EPSO, féach an leathanach gréasáin tiomnaithe atá againn.

 

Triail/GníomhaíochtLíon na míreanna tástálaFad na trialach i nóiméid
Comórtais ghinearáltaComórtais speisialtóirí
Scileanna briathartha (B), uimhriúla (U) agus teibí (T)

B: 20

U: 10

T: 10

40 mír

65 nóiméad.65 nóiméad.
Cás-staidéarNí bhaineann le hábhar45 nóiméad.45 nóiméad.
Triail scríofaNí bhaineann le hábhar40 nóiméad.40 nóiméad.
Eolas ar an Aontas Eorpach30 mír40 nóiméad.Ní bhaineann le hábhar
Ceistneoir ilrogha réimse-shonrach30 mír

Ní bhaineann le hábhar

(féach Eolas ar an Aontas Eorpach)

40 nóiméad.
Scileanna digiteacha42 mhír30 nóiméad.Ní bhaineann le hábhar