Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Athrú á dhéanamh ag EPSO ar na próisis roghnúcháin foirne

Tá athrú á dhéanamh ag EPSO faoi láthair ar na próisis roghnúcháin foirne ionas gur fearr a bheifear in ann freagairt ar riachtanais institiúidí an Aontais, riachtanais a bhíonn ag síorathrú, agus ar chúinsí an mhargadh saothair mar atá siad inniu. Tá machnamh straitéiseach ar siúl ar choincheap nua don chomórtas ginearálta AD agus ar chreat inniúlachtaí athbhreithnithe. Cuspóir tábhachtach leis sin is ea níos mó éagsúlachta a bhaint amach i measc na n-iarrthóirí maidir le próifílí agus cúlraí araon. I gcás na sainchomórtas, tá céim phíolótach cheana féin ar bun ina bhfuil modheolaíochtaí roghnúcháin nua á dtástáil againn.

Is é an aidhm atá ann fad na gcomórtas a ghiorrú, na comórtais a dhéanamh níos éifeachtúla do na hiarrthóirí agus do na measúnóirí araon, agus díriú níos fearr ar na hiarrthóirí ag a bhfuil próifílí speisialaithe atá á lorg ag na hinstitiúidí earcaíochta, agus san am céanna modhanna tástála nua-aimseartha a úsáid de réir an dea-chleachtais idirnáisiúnta. Triail ceisteanna ilrogha réimsebhunaithe a ghinfear le ríomhaire, tá sé beartaithe ag EPSO triail den chineál sin a thabhairt isteach ag céim luath sna sainchomórtais, agus san am céanna na trialacha réasúnaíochta ar ríomhaire a eagrú ar bhonn ‘pas nó teip’. Tá a chuid trialacha aistrithe ag EPSO chuig Ionaid Mheasúnaithe a ndéantar feitheoireacht chianda orthu, aistriú ar chuir géarchéim COVID-19 dlús leis. Is féidir le hiarrthóirí cuid de na trialacha ar ríomhaire a dhéanamh ar líne nó in ionaid trialacha, i gcás comórtais áirithe. Sna céimeanna píolótacha eile déanfar tástáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais nó úsáidfear ríomhairí le cuidiú chun scagadh a dhéanamh ar na hiarrthóirí. Ó tharla go bhfuil na scéimeanna píolótacha sin ag an luathchéim go fóill agus gur gá anailís a dhéanamh ar na torthaí, cuirfidh EPSO eolas níos mionsonraithe ar fáil in am trátha maidir leis na gnéithe nua sin.

An neamhchlaontacht agus an chóir chomhionann, tá siad sin i gcroílár na bpróiseas sin go léir.