Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

An tseiceáil timpeallachta

image with checkboxes

Iarrfar ar na hiarrthóirí uile ‘seiceáil timpeallachta’ a dhéanamh, mar a thugtar uirthi, sula gcuirfidh siad tús lena seisiún tástála. Tá gá leis sin chun sláine an tseisiúin tástála agus iontaofacht do thorthaí trialach a chinntiú.

Cinnteofar leis an tseiceáil timpeallachta, mar shampla, go mbeidh an t-iarrthóir leis féin sa seomra agus nach mbeidh aon doiciméad nó aon rud eile aige nach gceadaítear le linn an tseisiúin tástála. Nuair a thabharfar cuireadh do na hiarrthóirí na trialacha a dhéanamh, tabharfar tuilleadh sonraí dóibh faoin gcineál sin seiceála.

  • Tá micreafóin agus ceamaraí gréasáin sreangaithe nó ionsuite éigeantach, agus ní mór iad a choinneáil ar siúl/a bheith gníomhachtaithe i rith an tseisiúin tástála.
  • Ní cheadaítear cluasáin, cluasáin bhachlóige ná gléasanna cinn.