
Agnieszka Wendel, cúntóir teanga in Aonad Aistriúcháin na Polainnise

Táim ag obair i Roinn na Polainnise in Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin (DGT) i Lucsamburg le 15 bliana anuas.
Rinne mé staidéar ar an bhFocleolaíocht Spáinnise agus ar an Léann Meiriceánach sa Pholainn, in Ollscoil Jagiellon. Sular thosaigh mé ag obair in DGT bhí mé i m’oifigeach i gConsalacht Mheiriceá i Kraków, agus theastaigh uaim leanúint ar aghaidh le mo shlí bheatha i dtimpeallacht idirnáisiúnta.
Is maith liom mo phost mar:
- Braithim go bhfuil mé rannpháirteach i sochaí na hEorpa,
- ní bhíonn sé leadránach riamh,
- cuidíonn sé liom forbairt a dhéanamh mar ghairmí.
Is mór an sásamh dom a bheith ag obair in Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin. Braithim go bhfuil tábhacht ag baint leis an obair a dhéanaim. Agus mé ag déileáil le fadhbanna laethúla agus saincheisteanna domhanda, is féidir liom a bhfuil i gceist leis an Aontas Eorpach dúinn ar fad a fheiceáil agus a thuiscint. Tugann post an chúntóra teanga a lán deiseanna dom toisc go mbíonn sé ag forbairt in éineacht leis an domhan. Nuair a thosaigh mé 15 bliana ó shin, is cineál eile oibre ar fad a bhí i gceist. Tháinig forbairt ar gach rud; scileanna, bogearraí, etc. Bhí an deis agam scileanna nua ríomhaireachta, Gearmáinis, agus Fraincis a fhoghlaim, agus mo chuid scileanna sóisialta a fhorbairt. Bhí deis agam freisin oibriú ar feadh cúpla mí i bParlaimint na hEorpa, rud a bhí ar cheann de na heispéiris ba spreagúla domsa.
Is é an dúshlán is mó domsa an saol gairmiúil agus an saol príobháideach a thabhairt le chéile. Is máthair shingil mé agus beirt leanaí óga agam, mar sin is mór agam gur féidir liom mo chuid ama oibre in DGT a eagrú (e.g. go páirtaimseartha) chun an saol a bhainistiú ar bhealach atá oiriúnach do gach duine.
Bhog mé go Lucsamburg in 2007 agus athrú mór a bhí ann domsa, mar gur fhág mé cathair mhór ina bhfuil cónaí ar bheagnach 1 mhilliún duine agus thug mé aghaidh ar phríomhchathair atá i bhfad níos lú. Chuir Lucsamburg fáilte romham leis an bhfearthainn, leis an trácht íseal agus leis an idirnáisiúnachas. Thaitin éifeachtúlacht an iompair phoiblí go mór liom, agus chuir sé go leor roghanna ar fáil dom chun an obair a bhaint amach go héasca agus in am, de ghnáth. Agus cónaí ort i Lucsamburg, osclófar d’intinn. Is féidir an iliomad teangacha a chloisteáil ar an tsráid, is féidir leat bualadh le daoine as gach cearn den Eoraip, agus braitheann tú go bhfuil tú rannpháirteach sa saol mór.
Cúntóir teanga in Aonad Aistriúcháin na Polainne sa Choimisiún Eorpach (Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin)
Tessa Pouels González, lawyer-linguist assistant in the Dutch team in the Directorate Quality of Legislation

My name is Tessa, I come from Spain and I work as a lawyer-linguist assistant in the Dutch team.
When I finished my master's degree in legal translation, I thought that my next step would be to work as a freelancer, but I am proud to say that the European institutions offer opportunities to motivated young people eager to be part of the European project.
Working at DQL – where we check the drafting quality of legal acts of the European Council and of the Council – is both challenging and rewarding, as you get to participate and gain an insight into the process of adopting legislation. It is most motivating to be part of a multicultural team with colleagues from different academic, professional and social backgrounds where you are constantly encouraged to continue growing personally and professionally, while benefiting from good working conditions, a wide range of training opportunities and the possibility to change jobs between services and institutions.
If you always wanted an international challenging and interesting career, I highly recommend working for the European institutions. Besides, life in Brussels is enriching and interesting with many activities and events to enjoy.
Lawyer-linguist assistant in the Dutch team in the Directorate Quality of Legislation (DQL) at the Council of the European Union
Rasa G., Ateangaire

Tá mé i m’ateangaire foirne sa Choimisiún Eorpach ó bhí 2018 ann. Thaitin an ateangaireacht liom i gcónaí, ach tá gné nua anois le mo chuid oibre a bhuí leis an gCoimisiún Eorpach.
Gach maidin nuair a ghabhaimid isteach i gcruinniú, ní fhéadfaimis a bheith 100% cinnte cén cineál lae a bheidh ann. Lá éagsúil a bhíonn ann gach lá. Féadfaidh an obair a bheith an-suimiúil agus spraíúil, ach féadfaidh sí a bheith strusmhar ó am go chéile chomh maith! Mar sin féin, is iontach an rud é nuair a fheiceann tú cinntí á ndéanamh agus reachtaíocht an Aontais á múnlú, agus is iontach an sásamh é páirt a ghlacadh sa phróiseas sin!
Shaothraigh mé céim Bhaitsiléara in Ollscoil Vilnius i bhFileolaíocht an Bhéarla agus céim Mháistreachta i léann an aistriúcháin agus na hateangaireachta. Bhain mé céim eile amach ó chúrsa gairme san iriseoireacht chomh maith, mar sin is díol spéise dom an teanga agus an chumarsáid mar réimse riamh anall.
Nana D., Aistritheoir

Is aistritheoir Danmhairgise mé sa Choimisiún Eorpach ó bhí 2017 ann, ach is bealach casta chun na Bruiséile a bhí agam. Mar aistritheoir, faighim léargas ar réimsí beartais uile an Choimisiúin Eorpaigh, agus mé ag obair le gach cineál doiciméid: ón reachtaíocht agus tuarascálacha go dtí ábhar don phreas agus ábhar do na suíomhanna gréasáin. Dá bhrí sin, mar aistritheoirí ní hamháin go bhfaighimid eolas leathan ar bheartais uile an Aontais, ach féadfaimid iad a chur in iúl freisin.
Is ón mBéarla go dtí ár máthairtheanga a aistrímis den chuid is mó, ach is minic a bhíonn an deis agam úsáid a bhaint as na teangacha Eorpacha eile atá ar mo thoil agam (an Ghearmáinis, an Fhraincis, an Spáinnis, agus roinnt Ollainnise). Chun cabhrú linn déileáil leis an ualach oibre atá ag dul i méid agus leis na spriocdhátaí dochta, bainimid leas as uirlisí amhail an meaisínaistriúchán, cuimhní agus bunachair téarmaí.
Tá cúlra idirnáisiúnta go leor agamsa, rud a chuimsíonn 8 dtír agus 9 dteanga. Bhain mé céim amach ar dtús sa tSeapáneolaíocht agus mhúin mé an tSeapáinis san ollscoil. Ó shin i leith, tá mé ag obair le teangacha agus leis an gcumarsáid ar fud an domhain – in institiúidí poiblí agus i ngnólachtaí príobháideacha araon – i réimsí an teagaisc, na margaíochta agus an chaidrimh phoiblí.