Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
picture of Nana

Nana D., Aistritheoir

Is aistritheoir Danmhairgise mé sa Choimisiún Eorpach ó bhí 2017 ann, ach is bealach casta chun na Bruiséile a bhí agam. Mar aistritheoir, faighim léargas ar réimsí beartais uile an Choimisiúin Eorpaigh, agus mé ag obair le gach cineál doiciméid: ón reachtaíocht agus tuarascálacha go dtí ábhar don phreas agus ábhar do na suíomhanna gréasáin. Dá bhrí sin, mar aistritheoirí ní hamháin go bhfaighimid eolas leathan ar bheartais uile an Aontais, ach féadfaimid iad a chur in iúl freisin.

Is ón mBéarla go dtí ár máthairtheanga a aistrímis den chuid is mó, ach is minic a bhíonn an deis agam úsáid a bhaint as na teangacha Eorpacha eile atá ar mo thoil agam (an Ghearmáinis, an Fhraincis, an Spáinnis, agus roinnt Ollainnise). Chun cabhrú linn déileáil leis an ualach oibre atá ag dul i méid agus leis na spriocdhátaí dochta, bainimid leas as uirlisí amhail an meaisínaistriúchán, cuimhní agus bunachair téarmaí.

Tá cúlra idirnáisiúnta go leor agamsa, rud a chuimsíonn 8 dtír agus 9 dteanga. Bhain mé céim amach ar dtús sa tSeapáneolaíocht agus mhúin mé an tSeapáinis san ollscoil. Ó shin i leith, tá mé ag obair le teangacha agus leis an gcumarsáid ar fud an domhain – in institiúidí poiblí agus i ngnólachtaí príobháideacha araon – i réimsí an teagaisc, na margaíochta agus an chaidrimh phoiblí.